Gaston (greannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesGaston

Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsraith úrscéalta grafacha
Cárta innéacs
ÚdarAndré Franquin
Am tosaigh1957 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)André Franquin
Tréith
Príomhábharhumorous comics (en) Aistrigh
Foilsithe iSpirou Cuir in eagar ar Wikidata
CarachtairFantasio (en) Aistrigh
Spirou (en) Aistrigh
Gaston (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmniúcháin agus gradaim
Gradaim

GCD99388, 9802, 8517, 99386 agus 99385
Múrphictiúir i Charleroi

Is é Gaston ainm an phríomhcharachtair i sraith leabhar i bhfoirm cartúin (nó stiallghreannáin), atá suite sa Bhruiséil, do pháistí agus do dhaoine fásta, leis an údar Beilgeach André Franquin (1924‑1997).

Múrphictiúir sa Bhruiséil

An carachtar[cuir in eagar | athraigh foinse]

‘Praiseach’ is ciall le sloinne Gaston, "Lagaffe", i bhFraincis agus leis na sloinnte a baisteadh air sna 25 teangacha éagsúla ina bhfuil an tsraith ar fáil. Agus praiseach a dhéanann an frithlaoch seo, ceann nó dhó in aghaidh an leathanaigh. Cliseann ar na meaisíní aisteacha a thógann sé in am an bhoss, in oifig irise ina bhfuil sé ceaptha litreacha na léitheoirí a fhreagairt, agus pléascann siad ina aghaidh féin nó, níos minice, in aghaidh a chuid comhghleacaithe.[1]

Ach fear é a bhfuil a chroí san áit cheart. Cúnamh a thabhairt do dhaoine eile – agus d’ainmhithe – an aidhm a bhíonn aige i gcónaí, agus minic go leor bíonn teachtaireacht fhealsúnach i bhfolach taobh thiar de na búm‑anna agus de na scamaill deataigh.

Múrphictiúir i Louvain-la-Neuve

Baineann sciar suntasach de na greannáin le hiarrachtaí ainmhithe a chosaint, an timpeallacht a chaomhnú agus stop a chur le truailliú, ábhair nach raibh an oiread sin cainte orthu sa 20ú haois.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an tsraith ar an 28 Feabhra 1957. Ba iad na 1970idí ré órga an ghreannáin. Is féidir na scéalta a léamh i mbreis agus 25 teanga anois (thosaigh Cinebook ag aistriú Gaston go Béarla sa bhliain 2017).

Tá an-tóir ar Gaston sa Bheilg, sa Fhrainc agus san Ísiltír go háirithe.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Alex Hijmans (9 Meán Fómhair 2023). "Bainfidh Gaston Lagaffe gáire asat, b’fhiú Gaeilge a chur ar a shaothar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-10.