Jump to content

Galway United Football Club

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Galway United)
Bosca Sonraí EagraíochtaGalway United Football Club
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálclub sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1937
Gníomhaíocht
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtLeague of Ireland Premier Division (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad bailePáirc Thír OileáinGaillimh . 5,000  Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
PríomhchóitseálaíJohn Caulfield (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáingalwayunitedfc.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: GalwayUnitedFC Instagram: galwayunitedfc Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Tríú éide
Dathanna: Corcairghorm

Galway United Football ClubGaillimh Aontaithe, club peile Éireannach bunaithe mar Galway Rovers i 1937. Ghlac Gaillimh páirt i Sraith na hÉireann den chéad uair i 1977. Rinne Galway Rovers a début i Sraith na hÉireann i bPáirc Thír Oileáin, Gaillimh, in aghaidh St. Patricks Athletic ar an 28ú Lúnasa den bhliain sin. Tá an club ag imirt faoi láthair sa bPríomhroinn (an tsraith is airde sa tír).

Imreoirí Reatha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
# Ainm Náisiúntacht Ionad Dáta Breithe (aois) Club Roimhe Seo Faighte Nótaí
Cúil Bháire
1 Brendan Clarke B 17 Meán Fómhair 1985 (1985-09-17) (39 bliain d'aois) Shelbourne 2023
16 Evan Watts B 23 Meán Fómhair 2004 (2004-09-23) (20 bliain d'aois) Swansea City 2025 Iasacht
32 Andrew Kempe B 26 Lúnasa 2000 (2000-08-26) (24 bliain d'aois) Temple Owls 2025
Cosantóirí
2 Cian Byrne C 31 Eanáir 2003 (2003-01-31) (22 bliain d'aois) Bohemians 2025 Iasacht
3 Regan Donelon C 17 Aibreán 1996 (1996-04-17) (29 bliain d'aois) Finn Harps 2023
4 Rob Slevin C 14 Iúil 1998 (1998-07-14) (26 bliain d'aois) Finn Harps 2023
5 Killian Brouder C 20 Lúnasa 1998 (1998-08-20) (26 bliain d'aois) Limerick 2019
8 Greg Cunningham C 31 Eanáir 1991 (1991-01-31) (34 bliain d'aois) Preston North End 2024 Captaen
21 Colm Horgan C 2 Iúil 1994 (1994-07-02) (30 bliain d'aois) Sligo Rovers 2023
26 Garry Buckley C 19 Lúnasa 1993 (1993-08-19) (31 bliain d'aois) Sligo Rovers 2024
33 Jeannot Esua C 6 Lúnasa 1996 (1996-08-06) (28 bliain d'aois) Ekenäs IF 2024
Imreoirí lár páirce
10 David Hurley LP 21 Deireadh Fómhair 1998 (1998-10-21) (26 bliain d'aois) Cobh Ramblers 2020
12 Sean Kerrigan LP 5 Iúil 2002 (2002-07-05) (22 bliain d'aois) Michigan State Spartans 2025
15 Patrick Hickey LP 2 Iúil 1998 (1998-07-02) (26 bliain d'aois) Athlone Town 2024
17 Vincent Borden LP 21 Feabhra 1999 (1999-02-21) (26 bliain d'aois) Rudar Velenje 2023
18 Bobby Burns LP 7 Deireadh Fómhair 1999 (1999-10-07) (25 bliain d'aois) Glentoran 2024
20 Jimmy Keohane LP 22 Eanáir 1991 (1991-01-22) (34 bliain d'aois) Rochdale 2024
22 Conor McCormack LP 18 Bealtaine 1990 (1990-05-18) (35 bliain d'aois) Derry City 2021
24 Edward McCarthy LP 20 Aibreán 2001 (2001-04-20) (24 bliain d'aois) Regional United 2022
35 Junior Thiam LP 28 Deireadh Fómhair 2006 (2006-10-28) (18 bliain d'aois) Galway United U19 2025
Ionsaitheoirí
7 Stephen Walsh I 29 Lúnasa 1990 (1990-08-29) (34 bliain d'aois) Galway Hibernians 2018
9 Moses Dyer I 21 Márta 1997 (1997-03-21) (28 bliain d'aois) Vancouver FC 2025
19 Max Wilson I 30 Eanáir 2007 (2007-01-30) (18 bliain d'aois) Preston North End 2025 Iasacht
28 Brian Cunningham I 3 Meán Fómhair 2006 (2006-09-03) (18 bliain d'aois) Galway United U19 2025
29 Cillian Tollett I 9 Feabhra 2008 (2008-02-09) (17 bliain d'aois) Galway United U19 2024


Bhuaigh "Fir na dtreibh" (leasainm an chlub) Corn FAI i 1991, agus an Corn Sraithe na hÉireann i 1985-86 agus i 1996-97. Ba é an áit is airde a bhain an club amach sa tsraith ná an dara háit taobh thiar de Ruagairí na Seamróige i 1985-86. Bhí siad mar seaimpíní an Chéad Sraith i 1992-93, sa dara háit i 1999 agus bhuaigh siad Sciath na Príomhroinne i 1992-93 agus i 1996-97. D'imir Gaillimh Aontaithe i gcomórtais UEFA trí uair, buaileadh iad gach uair sa gcéad cluiche.

Comórtas Bliain In aghaidh
Cup Winners Cup 1985-86 Lyngby
Cup Winners Cup 1991-92 Odense
Corn UEFA 1986-87 Groningen

Tá an geansaí cáiliúil marúin caite ag roinnt imreoirí iontacha. Duine de na himreoirí Gaillimheacha is cáiliúla ná Eamonn "Chick" Deacy. Breathnaíodh air mar gnáthimreóir aitúil, ach le teann dianseasmhachta agus díograise chuir sé ina luí ar Aston Villa F.C. triail a thabhairt dó, agus chaith sé cúig shéasúir rathúla ag an gclub. Nuair a bhí sé le Villa, bhuaigh Eamonn Bonn Sraithe i rith an séasúir rathúil 1980-81. I mí na Nollag 2006 d'fhógair an FAI go mbeadh cuireadh tugtha do Ghaillimh Aontaithe páirt a ghlacadh i bPríomhroinn Sraith Náisiúnta an FAI Eircom nua tar éis iarratais rathúil. De bharr sin agus le neart conspóide, bhuail siad Dún Dealgan agus Port Láirge Aontaithe chun áit a bhaint amach sa bPríomhroinn nua. Roghnaíodh ceathrar imreoir i bhfoireann Príomhroinne na bliana (Raffael Cretaro, Ciaran Foley, Conor Gethins & Derek O'Brien). Fógraíodh freisin pleananna do seastán nua i Páirc Thír Oileáin.

Liosta trófaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]