Galar hiditíde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar a fhaightear trí uibheacha phéist ribíneach an mhadra a ionghabháil, mar shampla tar éis madraí atá ionfhabhtaithe leis an bpéist seo (de ghnáth tar éis dóibh feoil thruaillithe a ithe, caoireoil go háirithe) a láimhseáil. Gortar na huibheacha sa stéig, agus téann na larbhaí isteach in imshruthu na fola chun cisteanna móra a dhéanamh i gcuid mhaith d'orgáin na colainne, an t-ae, na scamhóga, an liathán, is an inchinn ina measc. Má scaoiltear amach an sreabhán sna cisteanna, féadfaidh sé turraing anaifiolachtach a spreagadh.