Gaistríteas
| Cineál | stomach disease (en) |
|---|---|
| Speisialtacht leighis | gaistreintreolaíocht |
| Cóireáil chliniciúil | |
Cógais sucralfate (en) | |
| Aicmiú | |
| ICD-11 | DA42 |
| ICD-10 | K29.7 |
| ICD-9 | 535.0 |
| Acmhainní seachtracha | |
| Enciclopèdia Catalana | 0111442 |
| DiseasesDB | 34500 |
| MedlinePlus | 001150 |
| eMedicine | 176156 |
| MeSH | D005756 |
| UMLS CUI | C0017152 |
| DOID | DOID:4029 |
Athlasadh i líneáil an ghoile is ea gaistríteas, de thoradh greannaitheoirí cosúil le halcól, caitheamh toitíní, bia spíosraithe, nó ábhair atá láidir aigéadach mar aspairín.[1] Déanann siad paistí athlasta, a chuireann fuil uaireanta. Tagann pianta sa bholg uachtarach dá bharr, masmas is urlacan (uaireanta, urlacan fola). Le síorghreannú, bíonn an gaistríteas ainsealach agus is féidir go dtarlóidh tanú i líneáil an ghoile, fiú othrais.

Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá go leor cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith ina chúis leis. Is iad na géarchúiseanna is mó is cionsiocair leis ná i bhfad an oiread alcóil a ól nó úsáid fhada na ndrugaí frith-athlastacha neamhstéaróideacha (ar a dtugtar DFANSa), mar shampla; aspairín nó iobúpróifein.
Uaireanta, tagann an ghaistríteas i réim tar éis obráide móire, gortaithe thrámaigh, dónna, nó ionfhabhtuithe tromchúiseacha.
D'fhéadfadh an ghaistríteas tarlú freisin dóibh siúd a raibh obráid chailliúna meáchain acu, agus a bhí mar thoradh ar an chonair díleá a bhandáil nó a atógáil.
D’fhéadfadh ionfhabhtaithe le baictéir, go príomha Helicobacter pylori, aife domlais ainsealach, strus agus neamhoird uath-imdhíonachta áirithe bheith ina chúis leis an ghaistríteas chomh maith.

Cúram leighis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an t-airí is coitianta ná suaitheadh nó pian an bhoilg.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011 (ww.coisceim.ie)). "Fréamh an Eolais". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-12. Dáta rochtana: 2020.
| Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |