Jump to content

Gaeltacht Thuaisceart an Oileán Úir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGaeltacht Thuaisceart an Oileán Úir
Erinsville Gaeltacht (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 44° 30′ 06″ N, 76° 59′ 04″ O / 44.5017°N,76.9844°W / 44.5017; -76.9844
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaOntario Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla0.24 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Aralt Mac Giolla Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú16 Meitheamh 2007 (Iúlach)
Aitheantóir tuairisciúil

Ceantar atá ainmnithe go hoifigiúil mar acmhainn chun teanga labhairt na Gaeilge a chothú is ea Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir (nó Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh).[1] Tá an ceantar suite i dTamworth, Ontario, taobh le hAbhainn an Bhradáin i mbaile fearainn Stone Mills i gcontaetha Lennox agus Addington.

Suíomh

In aice láimhe tá sráidbhaile Erinsville, áit a thóg a ainm ó na hÉireannaigh a lonnaigh ann san 19ú céad. Éireannaigh ba ea na chéad chúig mhéara ar an mbaile sin.[2]

Tá cáil bainte amach ag an gceantar anois ós ann atá an t-aon Ghaeltacht oifigiúil amháin taobh amuigh de Éirinn le fáil.[3] [4] Ach murab ionann leis na Gaeltachtaí in Éirinn níl pobal buan de chainteoirí Gaeilge i nGaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh.

Léirigh an tionscnamh oifigiúil an t-aitheantas agus an tacaíocht oifigiúil a bhí faighte ag an nGaeltacht nua. Bhí Declan Kelly, Ambasadóir na hÉireann, i láthair, in éineacht le Helen Gannon ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.[5] I ráiteas oifigiúil a eisíodh ar 29 Bealtaine 2007, dúirt Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta: "Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal Cheanada mar gur bhunaigh siad i gCeanada an chéad Ghaeltacht riamh lasmuigh de Éirinn. Guím gach rath ar an obair agus tá súil agam go mbeidh fás agus forbairt uirthi".[3]

Cheadaigh an tAire O Cuív €20,000 ($28,835 CAD) don Ghaeltacht ar mhaithe le hoiliúint do mhúinteoirí.[6] Tuairiscíodh an scéal ar TG4 (Teilifís Gaeilge),[7] ar an BBC agus ar na meáin i gCeanada (BBC).[5]

Bíonn cúrsaí Gaeilge ar siúl ann agus i mbaile Erinsville freisin. Cuirtear céilithe ar siúl ann agus is féidir campáil ann ach an uain a bheith chuige (go hiondúil i Mí Lúnasa).[2] Tá beartaithe ag na heagraithe ar chábáin do 100 duine a thógáil, in éineacht le seomraí ranga agus le hiarsmalann. Tá tionchar ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar na modhanna múinteoireachta agus foghlama.[6]

In agallamh leis an BBC dúirt Aralt Mac Giolla Chainnigh, príomheagraí an tionscadail, cé go dtagann na Gaeilgeoirí ó chríocha an-difriúla - ó Cheanada, ó na Stáit Aontaithe, ó Éirinn - gur féidir leo go léir teacht ar aon fhód amháin san áit seo. Áit í a ligeann dóibh beocht a chur ina gcuid den dúchas agus eolas a chur arís ar an nGaeilge.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh 2007". rte.ie. RTÉ (2007). Dáta rochtana: 3 Meán Fómhair 2021.
  2. 2.0 2.1 2.2 McKittrick, David. (18 Aibreán 2007). "Bualadh bos...Gaeltacht goes global". Independent.ie.
  3. 3.0 3.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named cuiv
  4. "Canada to have first Gaeltacht". Irish Emigrant (Eanáir 2007).
  5. 5.0 5.1 "GAELTACHT CHEANADA". BBC Northern Ireland (Meitheamh 2007).
  6. 6.0 6.1 "Donegal example inspired idea for first Gaeltacht outside of Ireland". The Donegal News (22 Meitheamh 2007). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Lúnasa 2007. Dáta rochtana: 20 Feabhra 2009.
  7. "Alt cartlainne". TG4.ie.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]