Aralt Mac Giolla Chainnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAralt Mac Giolla Chainnigh
Beathaisnéis
Breith13 Meán Fómhair 1959
64 bliana d'aois
Ingersoll, Ontario, Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir, gníomhaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Ríoga Míleata Cheanada Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: AraltMGC Cuir in eagar ar Wikidata

Gníomhaí Gaeilge agus ceoltóir ó Cheanada is ea Aralt Mac Giolla Chainnigh. Chaith sé tamall fada mar shaighdiúir agus mar acadóir míleata, agus d'éirigh sé as a phost in 2017. Tá dlúthbhaint aige le Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh.

Rugadh é mar Harold Timothy Kenny in Ingersoll in Ontario ar 13 Meán Fómhair 1959. B’as Dún Geimhin i gContae Dhoire dá mhuintir. Tógadh i nGleann Ottawa é, áit ar thosaigh sé ag seinm ar an bhfidil, agus tá sé ag casadh cheol na hÉireann ó shin.

Saighdiúireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Mac Giolla Chainnigh ar fiannas leis an 1ú agus leis an 2ú Cathlán de Choisithe Éadroma Ceanadacha an Bhanphrionsa Patricia agus leis an gCeanncheathrú Reisiminteach. In 2009, bhí sé ar fiannas leis an gCeanncheathrú Réigiúnach Ceannasaíochta (Theas) mar anailísí oibríochtúil a bhí freagrach as meastóireacht feachtais i Réigiún Deisceartach na hAfganastáine.

Bhí sé ina chaptaen in Arm Cheanada.[1]

Léann[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éirigh thar barr leis i gcúrsaí léinn agus spóirt ar scoil agus mar dhalta airm i gColáiste Míleata Royal Roads agus i gColáiste Ríoga Míleata Cheanada. Ghnóthaigh sé céim céad onóracha san Fhisic Innealtóireachta in 1982, agus bhain sé céim PhD amach sa Réaltfhisic ó Ollscoil Calgary i 1995. Fuair sé BA ó Ollscoil Athabasca in 2000.

Ceapadh é mar léachtóir i gColáiste Ríoga Míleata Cheanada i 1992 agus tugadh ardú céime dó mar Ollamh Cúnta agus ansin mar Ollamh Comhlach. Rinne sé taighde ar chlúdach imréaltach réaltaí siombóiseacha, agus bunghrinniú le rada-thrasnamhéadair idirnáisiúnta. Bhí grinniú déanta aige freisin le tonnfhaid optacha agus x-ghathacha. Bhí obair theoiriciúil déanta aige ar shreabhdhinimic na ngaoth réaltach agus iad ag imbhualadh faoina chéile, agus ar mhapáil shintéiseach a moirfeolaíochta.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Mac Giolla Chainnigh ag foghlaim Gaeilge i ranganna pobail in 1989, agus tá sé ag múineadh na teanga é féin ón mbliain 1994 i leith. Chuaigh sé féin agus a chairde i gcaidreamh le heagraíochtaí Gaeilge in Toronto agus Montréal, agus in 2000 chuaigh sé i gceannas Chumann na Gaeltachta. Ba faoina stiúir a cheannaigh baill an Chumainn seachtó acra in 2006 cois Abhainn na mBradán in aice le Tamworth agus Erinsville chun go bhféadfadh Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí cruinniú le chéile ann am ar bith. Tugadh Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh ar an áit, agus osclaíodh í in 2007.

Tá Mac Giolla Chainnigh ina bhall de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus den North American Association for Celtic Language Teachers.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 'Officer’s complaint a royal pain, judge says,’ Globe and Mail, 22 Eanáir 2008: http://www.theglobeandmail.com/news/national/officers-complaint-a-royal-pain-judge-says/article1050941/