Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir
Leasainm:
An Ghaeltacht Cheanadach,
Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh
Kingston, Ontario Location.png
Tír Ceanada
Cúige Ontario
Bunaithe 16 Meitheamh 2007[1])
Leithead
 • Talamh
 
0.24 km²
Crios Ama Eastern (EST) (UTC-5)
Suíomh Gréasáin: http://www.gaeilge.ca/

Ceantar atá ainmnithe go hoifigiúil mar acmhainn chun teanga labhairt na Gaeilge a chothú is ea Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir (nó Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh) Tá an ceantar suite i dTamworth, Ontario, taobh le hAbhainn an Bhradáin i mbaile fearainn Stone Mills i gcontaetha Lennox agus Addington.

Fógra 'gaeltacht' ag Baile na hÉireann

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

In aice láimhe tá sráidbhaile Erinsville, áit a thóg a ainm ó na hÉireannaigh a lonnaigh ann san 19ú céad. Éireannaigh ba ea na chéad chúig mhéara ar an mbaile sin.[2]

Tá cáil bainte amach ag an gceantar anois ós ann atá an t-aon Ghaeltacht oifigiúil amháin taobh amuigh de Éirinn le fáil.[1] [3] Ach murab ionann leis na Gaeltachtaí in Éirinn níl pobal buan de chainteoirí Gaeilge i nGaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh.

Léirigh an tionscnamh oifigiúil an t-aitheantas agus an tacaíocht oifigiúil a bhí faighte ag an nGaeltacht nua. Bhí Declan Kelly, Ambasadóir na hÉireann, i láthair, in éineacht le Helen Gannon ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.[4] I ráiteas oifigiúil a eisíodh ar 29 Bealtaine 2007, dúirt Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta: "Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal Cheanada mar gur bhunaigh siad i gCeanada an chéad Ghaeltacht riamh lasmuigh de Éirinn. Guím gach rath ar an obair agus tá súil agam go mbeidh fás agus forbairt uirthi".[5]

Cheadaigh an tAire O Cuív €20,000 ($28,835 CAD) don Ghaeltacht ar mhaithe le hoiliúint do mhúinteoirí.[6] Tuairiscíodh an scéal ar TG4 (Teilifís Gaeilge),[7] ar an BBC agus ar na meáin i gCeanada (BBC).[4]

Imeachtaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bíonn cúrsaí Gaeilge ar siúl ann agus i mbaile Erinsville freisin. Cuirtear céilithe ar siúl ann agus is féidir campáil ann ach an uain a bheith chuige (go hiondúil i Mí Lúnasa).[2] Tá beartaithe ag na heagraithe ar chábáin do 100 duine a thógáil, in éineacht le seomraí ranga agus le hiarsmalann. Tá tionchar ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar na modhanna múinteoireachta agus foghlama.[6]

In agallamh leis an BBC dúirt Aralt Mac Giolla Chainnigh, príomheagraí an tionscadail, cé go dtagann na Gaeilgeoirí ó chríocha an-difriúla - ó Cheanada, ó na Stáit Aontaithe, ó Eirinn - gur féidir leo go léir teacht ar aon fhód amháin san áit seo. Áit í a ligeann dóibh beocht a chur ina gcuid den dúchas agus eolas a chur arís ar an nGaeilge.[2]

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. 1.0 1.1 Ó Cuív, Éamonn. "Searmanas Oscailte Cumann na Gaeltachta" (Craobh Chláirseach Theamhrach Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, 2007) Page 7.
  2. 2.0 2.1 2.2 McKittrick, David. "Bualadh bos...Gaeltacht goes global." Independent.ie. 18 April 2007
  3. "Canada to have first Gaeltacht." Irish Emigrant Jan 2007.
  4. 4.0 4.1 "GAELTACHT CHEANADA." BBC Northern Ireland June 2007.
  5. Ó Cuív, Éamonn. "Searmanas Oscailte Cumann na Gaeltachta" (Craobh Chláirseach Theamhrach Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, 2007) Page 7.
  6. 6.0 6.1 "Donegal example inspired idea for first gaeltacht outside of Ireland." The Donegal News 22 June 2007.
  7. TG4.ie (alt cartlainne)

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]