Fíniúin
Vitis | |
---|---|
Vitis californica | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | fíonchaor |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Vitales |
Fine | Vitaceae |
Fofhine | Vitoideae |
Géineas | Vitis L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Vitis vinifera |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Planda dreapaire adhmadach duillsilteach a théann isteach i scoilteanna, áit a n-atann sé chun mais ghreamaithe a chruthú agus tacaíocht a sholáthar dó féin. Na duilleoga bosach, 3-5 liopa, fiaclach. Na bláthanna flúirseach i mbláthra crochta bídeach glas. Na torthaí (fíonchaora) aibí milis, scothbhuí nó corcra, le blás bán céarach go minic. Na teannóga fótatrófach go diúltach. Is dócha go bhfuil sí dúchasach do dheisceart na hÁise. An-chuid cineálacha di saothraithe anois i réigiúin mheasartha, le haeráid Mheánmhara go háirithe. Mar fhoinse fíona, an-tábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta de. Baintear feidhm as cineálacha ar leith ó Mheiriceá Thuaidh (fíonchaor an tsamhraidh is fíonchaor an tsionnaigh) atá frithsheasmach i gcoinne feithidí a iompraíonn galair, phylloxera is eile, mar bhonnstoc d'fhiniúnacha na hEorpa anois. Úsáidtear fíonchaora triomaithe mar chuiríní, rísíní, is sabhdánaigh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fíniúin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 268.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |