Fritz Bayerlein
| Ainm sa teanga dhúchais | (de) Fritz Hermann Michael Bayerlein |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 14 Eanáir 1899 Würzburg, An Ghearmáin |
| Bás | 30 Eanáir 1970 71 bliana d'aois Würzburg, An Ghearmáin |
| Áit adhlactha | Hauptfriedhof Würzburg (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | saighdiúir |
| Tréimhse oibre | 1917 – 1945 |
| Teangacha | An Ghearmáinis |
| Gairm mhíleata | |
| Géillsine | Gearmáin na Naitsithe |
| Brainse míleata | Arm Impiriúil na Gearmáine |
| Céim mhíleata | oifigeach coitianta saighdiúir |
| I gceannas ar | Panzer Lehr Division (en) |
| Coinbhleacht | Battle of Alam el Halfa (en) |
Gradam a fuarthas | |
Bhí Fritz Hermann Michael Bayerlein (14 Eanáir 1899 – 30 Eanáir 1970) ina ghinearál i Wehrmacht na Gearmáine Naitsíoch le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí sé ina oifigeach foirne ar dtús, páirteach le Erwin Rommel san Afrika Korps. Ansin bhí sé i gceannas ar an 3ú Rannán Panzer, ar Rannán Panzer Lehr agus ar Chór Airm LIII i láthair chogaidh na hEorpa. Fuair Bayerlein an bonn 'Crois an Ridire le Duilleoga Daracha agus Claimhte' .
Dara Cogadh Domhanda
[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fheidhmigh Bayerlein mar oifigeach foirne don Ghinearál Heinz Guderian le haghaidh ionradh na Polainne agus Cath na Fraince. In Oibríocht Barbarossa, ionradh an Aontais Shóivéadaigh, i mí an Mheithimh 1941, cuireadh Bayerlein chuig na foirne ag Panzerghrúpa 2 de chuid Guderian. Tar éis Chath Kiev, aistríodh Bayerlein chuig foireann an Ghinearáloberst Erwin Rommel. Aistríodh Bayerlein go dtí an Führerreserve i Lúnasa 1942, ansin cuireadh é ag obair san Afrika Korps mar Cheann Foirne.