Jump to content

Frank Hugh O'Donnell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrank Hugh O'Donnell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1846
Bás1916
69/70 bliana d'aois
Ball den 22ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
31 Márta 1880 – 18 Samhain 1885 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dungarvan (en) Aistrigh

Ball den 21ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
23 Meitheamh 1877 – 24 Márta 1880 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dungarvan (en) Aistrigh

Ball den 21ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
20 Márta 1874 – 26 Márta 1874 (election petition (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Galway Borough (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe
Coláiste Iognáid Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaLéig an Rialtais Dúchais Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Scríbhneoir, iriseoir agus polaiteoir náisiúnaíoch Éireannach ab ea Frank Hugh O'Donnell (Frank Hugh O'Cahan O'Donnell freisin). Rugadh é ar an 9 Deireadh Fómhair 1846–2 Samhain 1916).

"Roman Catholic Home-Rule". Scigléiriú le T a foilsíodh in Vanity Fair sa bhliain 1880.

Rugadh O'Donnell i mbeairic airm in Devon Shasana, áit a raibh a athair, an Sáirsint Bernard MacDonald, lonnaithe. As an mBaile Bán ó dhúchas dá mháthair, Mary Kain, gar do chathair na Gaillimhe in Éirinn. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Erasmus Smith i nGaillimh, gColáiste Iognáid (na “Jes”), agus ina dhiaidh sin chláraigh sé i gColáiste na Banríona Gaillimh, áit a ndearna sé staidéar ar litríocht an Bhéarla, ar stair agus ar eacnamaíocht pholaitiúil. Le linn dó a bheith ina mhac léinn sa choláiste bhain sé cáil nach beag amach mar óráidí, agus ba mhinic é ag cur le cruinnithe de Chumann Liteartha agus Díospóireachta an choláiste, a ndearnadh leas-iniúchóir de don seisiún 1864 -1865.

Fiú agus é ina mhac léinn, is cosúil go raibh O'Donnell tapaidh chun a chuid tuairimí a chur in iúl, agus b'aoibhinn léis conspóid. I mí na Samhna 1866, agus é ag tabhairt aghaidhe ar an gCumann Liteartha agus Díospóireachta ar an gceist "Was the character of Warren Hastings as Governor-General of India praiseworthy? tharraing O'Donnell raic trí "the principle and the system which have lain at the root of the international and intercolonial policy of England, from the days when Elizabeth, the Infamous, chartered for profit two of the first ships which opened the African slave trade..." a shéanadh. Mar gheall ar a chuid cainte, chuir cathaoirleach an chruinnithe, an tOllamh Thomas Moffett, cosc ar O’Donnell leanúint lena óráid, ag rá gur; "such an epithet ought not to be applied to any predecessor of our present gracious Queen." Mheas O'Donnell go raibh a leithéid de ghníomh ina shrian gan údar ar a shaoirse cainte, agus i litir a foilsíodh sa phreas áitiúil thug sé sampla luath dá stíl liteartha ardluais:

"I hold that Debating Societies are the nurseries of independent thought, and the training schools of sober criticism. I believe in the power and impartiality of an enlightened studenthood ... I have followed the mind of Austin. I have sat at the feet of Cairnes. I have drunk of the philosophy of Mill. I claim for Judicial Science, for Economic Science, for the Philosophy of History, a place in the discussions of our society, I pity and I scorn the formidable confederacy of fools who dare not call a spade a spade."

Mar gheall ar an eachtra seo, in éineacht leis an drogall a bhí ar an gcumann cosc a chur ar O'Donnell aghaidh a thabhairt ar a chruinnithe, cuireadh an cumann ar fionraí ó Choláiste na Banríona sa deireadh agus d'imigh an cumann go sealadach chuig seomraí i gcathair na Gaillimhe.

Sa bhliain 1868, bhain O'Donnell céim MA amach ó Choláiste na Banríona, agus bhuaigh sé roinnt bonn óir dá thaibhiú acadúil. Faoin gcéim seo, bhí tús curtha aige le stíl 'Frank Hugh O'Donnell' a chur air féin, agus é á chreidiúint gur de shliocht 'Aodha Ruadh Uí Dhomhnaill' é féin am seo.

Ag fágáil na Gaillimhe dó, bhog O'Donnell go Londain, áit ar thug sé faoi ghairm san iriseoireacht, i ndiaidh a chomhghleacaí comhaimseartha T. P. O'Connor. Chabhraigh an t-eolas a bhí ag O'Connor ar nuatheangacha na hEorpa leis é féin a bhunú mar chomhfhreagraí ar chúrsaí na hEorpa, agus chuidigh sé le O'Donnell cáil den chineál céanna a fhorbairt; chaith sé tréimhse ghairid ar fhoireann an London Morning Post .