Formaildéad
Formaildéad | |
---|---|
![]() |
![]() |
Ainm IUPAC | Meatánal |
Ainmneacha eile | Formol |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 50-00-0 |
PubChem | 712 |
Airíonna | |
Foirmle mhóilíneach | CH2O |
Mais mhóilíneach | 30.03 g mol-1 |
Dlús | 1.38 g cm-3 |
Leáphointe | -92 °C |
Fiuchphointe | -21 °C |
pKa | 13.3 |
Déphol | 2.33 D |
Guaiseacha | |
Aicmiú AE | ![]() |
NFPA 704 | ![]() ![]() ![]() |
Comhdhúile gaolmhara | |
Aildéid gaolmhara | Aicéataildéad Butyraldehyde |
Comhdhúile gaolmhara | Meatánól Aigéad formach |
Is é an formaildéad nó an meatánal HCHO an ceann is simplí de na haildéid. Gás gan dath é le teocht an tseomra, agus boladh láidir sainiúil as. Inniu, is mó mar amhábhar do chomhdhúile orgánacha eile a úsáidtear é, ach sna laethanta a bhí, d'úsáidtí tuaslagán uisce an fhormaildéid, an fhormailin, le heiseamail a thaisceadh sa bhitheolaíocht, sin nó mar fhrithsheipteán, is é sin, le baictéir a mharú. Tá an formaildéad sách nimhiúil don duine, áfach, agus is mór an priacal atá ann don tsláinte, go háirithe le taobhshúil ar chomh coitianta atá sé i gcónaí sa tionsclaíocht cheimiceach. Bíonn formaildéad le fáil go nádúrtha ar domhan.
Úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]
Baintear úsáid as formaildéad mar oibreán balsamaithe le corpáin mharbha a chaomhnú ar mhaithe le hadhlacadh nó mionghearradh.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |