Forgnaí
Jump to navigation
Jump to search
Is ceantar suite i gContae an Longfoirt é Forgnaí. Téann an bóthar R392 tríd.
Tá baint ag Fornaí le beirt scríbhneoirí, Oliver Goldsmith agus John Henry Patterson. Bhí Charles Goldsmith, athair Oliver, ina mhinistéir in Eaglais Naomh Munis sna blianta 1718–1730. (Rugadh Oliver sa bhliain 1728.) Leagadh an eaglais úd ina dhiaidh sin: ba sa bhliain 1810 a tógadh an eaglais atá inniu ann.
Rugadh Patterson (1867–1947) i bhFornaí. Aithnítear é go príomha as a chuid eachtraí san Afraic Thoir, ag obair ar thógáil droichid trasna abhainn an Tsavo i gCéinia.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |