Folláine cholainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le folláine cholainne ná oiriúnú na colainne chun gur féidir tréimhsí níos faide fuinniúla aclaíochta aeróbaí a sheasamh. Méadaítear cumas na scamhóg, an chroí is na matán ocsaigin a ionsú, a dháileadh ar fud na colainne, agus a úsáid chun fuinneamh a ghiniúint. Is tábhachtach folláine na colainne don tsláinte mar cosnaíonn sí an cholainn i gcoinne galar, galair chairdeasoithíocha go háirithe.