Fionn
Jump to navigation
Jump to search
Is éard is fionn nó cataracht ann ná scammallú a fhorbraíonn i lionsa criostalach na súile nó ina himchlúdach. Bíonn cineálacha éagsúla ann ó bheagán teimhneachta go teimhneacht iomlán agus cuireann sé as do thaisteal an tsolais tríd an lionsa.
Go luath i bhforbairt finn a bhaineann le dul in aois, is féidir go méadófar cumhacht an lionsa, a chúiseodh mióipe nó gearr-radharc agus is féidir go laghdóidh buíochan agus teimhniú an lionsa aithint dathanna gorma.
De ghnáth, téann na fionna in olcas is cúisíonn siad teip amhairc, agus is féidir go gcúiseoidh siad daille má fhágtar gan chúram iad.
De ghnáth cuireann an riocht seo as don dá shúil, ach is gnách go gcuireann sé as do shúil amháin roimh an gceann eile.[1]