Fíbín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fibín (drámaíocht))
Bosca Sonraí EagraíochtaFíbín
Sonraí
Cineáleagraíocht drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2003

Suíomh gréasáinfibin.com Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh an compántas aisteoirí Fíbín Teo. in Éirinn in 2003. Anois tá siad ar an gcompántais is mó agus is fiontraí in Éirinn agus drámaí nua agus clasaiceacha á léiriú acu. Is é an phríomhaidhm atá ag na compántas drámaí siamsúla a thaispeáint do dhaoine óga trí Ghaeilge. Go dtí seo tá os cionn 40 seó léirithe acu ar fud na tíre.[1]

Baineann Fíbín tairbhe as modhanna léirithe atá fisiciúla agus físiúla, rud a dhéantar le puipéid, maisc, scáileanna, ceol agus fuaim. Fuair formhór na n-aisteoirí oiliúint idirnáisiúnta i scileanna puipéadóireachta. Maíonn Fíbín go bhfuil a gcuid seónna feicthe ag breis is 100,000 duine, roinnt mhaith acu in Éirinn agus cuid eile san Iorua, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Mhaláiv, an Bhreatain Bheag, Albain, an Bheilg agus tíortha eile. Deir Fíbín gur bhreá leo an Ghaeilge a athbheochan agus a chur chun cinn ar mhodh taitneamhach agus nua-aimseartha.[2]

Ar 14 Nollaig 2003, léiríodh an dráma, seó puipéid, "An Gabha agus a Ghasúir" don chéad uair.[3]

Faigheann Fíbín maoiniú ón gComhairle Ealaíon, Ealaíon na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]