Feirmeoireacht orgánach
Cuma
Feirmeoireacht gan aon cheimiceáin shaorga a úsáid: leasú talún, feithicíd, sprae, nó ábhar cógaseolaíochta. Coinnítear torthúlacht na talún le haoileach eallaigh is múirín, agus trí rothlú barr le barr a fhosaíonn nítrigin, cosúil le seamair. Coimeádtar smacht ar fhiailí is galair trí rothlú is saothrú, fiú gortghlanadh láimhe. I dtíortha ar leith, bíonn biseach le fáil ar bhia orgánach. Tá an fheirmeoireacht seo ag fás go tapa le blianta anuas san Eoraip, ach is cuid bhídeach den fheirmeoireacht iomlán fós í.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Feirmeoireacht orgánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 261.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |