Feidhmghrúpa
Jump to navigation
Jump to search

Tá feidhmghrúpa eistear (dath dearg) ag Aicéatáit bheinsile, malartaí aicéitile (ciorclaithe dúghlas) agus malartaí ocsaibheinsile (ciorclaithe bánbhuí ). Is féidir rannáin eile a dhéanamh.
Sa cheimic orgánach, is éard is feidhmghrúpa ann ná páirt nó malartaí laistigh de mhóilín a mbíonn imoibrithe sainiúla aige. Mar shampla, bíonn an hiodrocsailghrúpa ( -OH) sainiúil do na halcóil, agus an t-aimíneaghrúpa (-NH2) sainiúil do na haimíní. Rachaidh an feidhmghrúpa céanna faoin imoibriú ceimiceach céanna nó a mhacasamhail, beag beann ar mhéid an mhóilín ar cuid de.[1]Ligeann sé seo tuartha córasach ar imoibrithe ceimiceacha agus iompar comhdhúile ceimiceacha agus dearadh sintéisí ceimiceacha. Ina theannta sin, is féidir le feidhmghrúpaí eile imoibríocht feidhmghrúpa a hathrú. I sintéis cheimiceach, tá idirthiontú feidhmghrúpa ar cheann de na cineálacha bunúsacha claochlaithe.
Tagirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ Compendium of Chemical Terminology (IUPAC "Gold Book") Feidhmghrúpa