Feallmharú Airey Neave

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Airey Neave memorial plaque.jpg

Mharaigh an tINLA Airey Neave, feisire de chuid Pháirtí na dTóraithe, an Scáth-Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann, agus an-mhór le Margaret Thatcher, ar an 30 Márta 1979, i mbun feachtasaíochta roimh olltoghchán na bliana 1979 sa Ríocht Aontaithe..

1941

Dúisíodh buama nuair a tiomáineadh gluaisteán Neave suas rampa ar an mbealach amach as an charrchlós ag Pálás Westminster.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh do Neave a bheith ina mhac léinn dlí in Ollscoil Áth na nDamh sna tríochaidí, gan aon ní speisialta ag baint lena chumas acadúil, cuireadh isteach ar a shaol oibre mar abhcóide nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach.[1]

Cuimhneachán, Eaglais Fryerning, Essex

Tar éis do na Gearmánaigh é a gabháil sa bhliain 1940, ba é Neave an chéad phríosúnach Briotanach a d'éalaigh ó Colditz agus a bhain an Ríocht Aontaithe amach arís.

Ina dhiaidh sin, bhí Neave ag obair don rúnseirbhís (nó MI9, an tseirbhís a chuidigh le baill d'fhórsaí armtha na Breataine ealú ó lucht a gafa i gcríocha an namhad agus ealú ó champaí príosúnaigh chogaidh).

Ós rud é go raibh Gearmáinis líofa aige agus cúlra sa dlí chomh maith, d'éirigh Neave ina rúnaí cúnta don Bhinse Míleata Idirnáisiúnta le haghaidh thriail na bpríomhchoirpeach cogaidh i Nurnberg. Sa cháilíocht sin, léigh sé na díotálacha amach os comhair na cúirte, i measc feidhmeanna eile. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar ais chuig an mBarra i Londain.

Bhí Neave ina theachta parlaiminte ó 1953 go dtí gur maraíodh é.

Tábhacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Neave an-mhór le Margaret Thatcher agus i bhfad amach ar an eite dheas. Bhí Neave dian ar choiriúlacht agus ar "sceimlitheoireacht", agus ag iarraidh seasamh docht a ghlacadh ar an aighneas i dTuaisceart Éireann.

Bhí Neave ina bhainisteoir feachtais ag Margaret Thatcher, agus bhí ról lárnach aige nuair a togadh Thatcher mar cheannaire ar an Pháirtí sa bhliain 1975 agus bhí sí faoi chomaoin ag Neave as a cúnamh. Cúitíodh an obair a rinne Neave ar an mbonn sin nuair a rinne sí an Scáth-Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann de.

Sa phost Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann, bhí Neave ar son stopadh de bheith ag iarraidh rialtas cineachta (agus tionól cineachta) a chruthú i mBéal Feirste. Ina áit sin, ba mhaith leis Tuaisceart Éireann a lánpháirtiú níos doimhne sa Ríocht Aontaithe agus a bheith níos déine ar ghrúpaí paraimíleata thuas ansin.[1]

Ní raibh ach trí lá caite den fheachtas toghchánaíochta sa bhliain 1979 nuair a maraíodh Neave. Thaispeáin an bhuamáil go raibh uirlisí sofaisticiúla ar fáil do na poblachtánaigh,[2]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghoill feallmharú Neave go mór ar Margaret Thatcher gan dabht.[1] Glaoitear 'An Bhean Iarainn' uirthi sna 1980idí. Ceapann a lán daoine go bhfuil cúis anseo leis an diongbháilteacht a thaispeáin Thatcher agus í ag diúltú do na héilimh ar stádas polaitiúil do na príosúnaigh phoblachtacha tráth na Stailceanna Ocrais a tháinig go gairid i ndiaidh a bháis.

"Thug poblachtánaithe dúshlán Thatcher agus ghlac sí leis go fonnmhar, fíochmhar daingean. Sin an mheancóg ba mho dá ndearna sí", a deir Robert McMillen.[3] Níos déanaí sa bhliain 1979, mharaigh an tIRA an Tiarna Mountbatten agus 18 saighdiúir in aon eachtra amháin ag Narrow Water Castle i gContae an Dúin ar an lá chéanna.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Airey Neave (1916-79)" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-03-30.
  2. Dúirt an tINLA i mí Lúnasa sa 'Starry Plough', "In March, retired terrorist and supporter of capital punishment, Airey Neave, got a taste of his own medicine when an INLA unit pulled off the operation of the decade and blew him to bits inside the 'impregnable' Palace of Westminster. The nauseous Margaret Thatcher snivelled on television that he was an 'incalculable loss' – and so he was – to the British ruling class." Údarː Mark Andrews -. "Airey Neave's murder, 38 years on" (en). www.shropshirestar.com. Dáta rochtana: 2021-03-30.
  3. Robert McMillen (EAGRÁN 97 · BEALTAINE 2009). "An Tuíodóir Mná" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-30.