Fíogadán
Jump to navigation
Jump to search
Planda ilbhliantúil a fhásann 30 cm ar airde, dúchasach d'iarthar na hEorpa is tuaisceart na hAfraice. Na duilleoga leathfhada in imlíne, ach roinnte i dteascáin chaola mhínbhioracha. Na bláthchinn suas le 2.5 cm ar leithead, aonarach. Na bláthóga seachtracha gathacha spréite bán, na bláthóga inmheánacha teascacha buí. Úsáidtear go forleathan é chun tae fíogadáin a dhéanamh, agus mar bhreiseán coitianta i bhfoltfolcthaí, gallúnacha is a leithéid. Bhíodh plásóga fíogadáin an-choitianta uair dá raibh, a d'astaíodh boladh cumhra nuair a shiúladh duine ar an bhfíogadán.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |