Breiseán (bia)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Breiseán)
Breiseán (bia)

Aon cheimiceán, fiú vitimín, a shuimítear le bia le linn a phróiseála nó a ullmhaithe. Den chuid is mó, ceimiceán a shuimítear chun aidhm ar leith a bhaint amach. Cuimsíonn sé leasaithigh chun cosc a chur ar mhilleadh ag baictéir, frithocsaídeoirí a chuireann cosc ar bhréine a theacht ar shaill, ábhair dathaithe chun an dath a mhodhnú mar is mian, milseoirí, agus blastáin chun blas ar leith a bhaint amach. Is ábhair nádúrtha a bhformhór, ach tá cuid bheag díobh saorga. Bíonn dlíthe i gcuid mhaith tíortha leis na hábhair seo is a n-úsáideanna a rialú. Le blianta anuas tá daoine ag éirí imníoch faoi na hábhair shaorga seo agus ag éileamh nach mbeidh ach breiseáin nádúrtha in úsáid.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Breiseán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 89.