Fiacha Labhrainne
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Muintir | |
Leanaí | Óengus Olmucaid |
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Fiacha Labhrainne (Sean-Ghaeilge Fíachu[1] Labrainne) mac Smirgoll mac Enboth mac Tigernmas. Ainmnithe as abha na Labhrainne atá sé, a thomhaidhm i rith a ríochta.
Tháinig sé i gcoróin tar éis dó an t-iar-ard-rí Eochaid Faebar Glas a mharú sa Chath Charman, mar chúiteamh ar bhás a athar, a maraíodh i gCath Dhroim Liatháin. Throid sé cath mara in éadan muintir Éber Finn, agus cath eile in éadan na nÉrainn ag Mag Genainn i gContae Fhear Manach. Mar thoradh an chatha seo, thomhaidhm Loch Éirne. I gcath eile, mharaigh sé Mofebis mac Eochada. Maraíodh Fiacha féin mar chúiteamh ag Eochaid Mumu mac Mofebis i gCath Shliabh Bealghatáin.[2]
Insíonn Seathrún Céitinn gur chloígh a mhac, Óengus Olmucaid, an Alba i rith a réim.[3]
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Gabhála na hÉireann: Piritiades agus Ofratalus san Aisiria.
- Foras Feasa ar Éirinn: 1095–1071 RC
- Annála na gCeithre Máistrí: 1473–1449 RC.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ fiach ar eDIL
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 213-219
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn 1.25
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M3727-3751
Réamhtheachtaí Eochaid Faebar Glas |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1473–1449 RC FFÉ 1095–1071 RC |
Comharba Eochaid Mumu |