Eolas mac Biobhsaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEolas mac Biobhsaigh
Beathaisnéis
Breith9 haois
Bás10 haois

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 9ú aois agus glúin an 10ú aois

Taoiseach Chonmhaicne den 10ú haois ba ea Eolas mac Biobhsaigh (beo AD 900).[1] Biobhsach mac Cromáin Óig ba ea a athair. Deirtear gurbh é an chéad lán-taoiseach Chonmhaicne Réin, i ndeisceart Liatroma agus cuid den Longfort. Tháinig a mac Maolmhuire i gcomharbacht air. Muintir Eolais is ea a shliochtaigh.[1]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí mealladh na ndaoine ann mar cheannaire, agus rinneadh taoiseach dá chlann de, agus níos deireanaí d'éirigh sé mar chéad lán-taoiseach Chonmhaicne Réin c. AD 900.

Bhí sé pósta agus bhí triúr mac aige:[2]

  • Brocán, sinsear Uí Sheanlaoich
  • Anbheith, sinsear Mhic Garry
  • Maolmhuire, tiarna Conmhaicne Réin agus sinsear Mhic Raghnaill.

Is dóigh gur gharmhac leis ba ea Ódhrán Ua hEolais, scríobhaí mór le rá ag Cluain Mhic Nóis.[3]

De réir na nginealach le O'Hart, bhí dlúthghaol ann idir Eolas agus sinsir Uí Chuinn agus Uí Farrell as an Longfort, agus Uí Maoilmhiaigh as Liatroim.[4]

Níl bás Eolais taifeadta sna hannála, ach is dócha gur éag sé am éigin idir na blianta 920 agus 960.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Muintir Eolais an tuath is mó le rá de chríocha Chonmhaicne sna barúntachtaí an lae inniu, Liatroim agus Maothail, agus iad i gceannas iontu idir na 11ú agus 17ú haoiseanna.[5] Is iad a leanas príomhchlanna mhuintir Eolais: Mhic Raghnaill,[3] Uí Mhaoilmhiaigh, Mhic Sheanlaoich agus Mhic Garry.[1][6][7]

Caomhnaítear a ainm i logainmneacha amhail is an baile fearainn, Coraidh Eolais in aice le Cora Droma Rúisc.[8] Sa ceantar sléibhe iargúlta Binn Chuilceach-Sliabh an Iarainn, tá Loch olagatrófach Mhuintir Eolais ar an teorainn idir [[Contae an Chabháin] an Cabhán] agus Liatroim.[5][9]

Ómós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá banna ceoil mór le rá ann as Liatroim agus an Longfort, a ghlac an t-ainm Ceolus (ceol-eolas) i mí Eanáir January 31st, 1990. Bíonn ceol baile as lámhscríbhinní áitiúla beagnach dhá chéad bliain d'aois á sheinm acu.[10]

Sloinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol O'Donovan go bhfuil an sloinne Ó hEolais le fáil fós mar "Olus" nó "Olis".[11] Sa bhliain 1566, feictear dhá shampla mar "Oelase" agus "Olase" sna Fiant do chúige Laighean.[12] is léir áfach nach bhfeiceann an sloinne ach go hannamh.[13]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 O'Daly, Mangan, O'Donovan, O'Daly 1852, pp. 35.
  2. O'Hart 1876, pp. 136.
  3. 3.0 3.1 Petrie 1872, p. 61.
  4. O'Hart 1876, pp. 135–136.
  5. 5.0 5.1 Ó Duígeannáin 1934, pp. 134.
  6. Hardiman 1831, pp. 46.
  7. AFM.
  8. Joyce 1913, pp. 268.
  9. Templan 2010, pp. 14.
  10. Ward 2016, pp. 1.
  11. O'Cleary, et. al. 1856, pp. 732.
  12. Deputy Keeper 1879, pp. 124.
  13. Woulfe 1923.