Eochaid Étgudach
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Muintir | |
Athair | Dáire Doimthech |
Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Eochaidh Éadaithe (Sean-Ghaeilge Eochaid or Eochu Étgudach[1] nó Etgedach ("réchúiseach"?)),[2] mac Daire Doimthech,[3] mac Conghal, mac Eadaman, mac Mal, mac Lugaid,[4] mac Íth,[5] mac Breogán.[6][7]
De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, toghadh ina rí é ag fir na hÉireann a mhair i ndiaidh bás trí cheathrún dá muintir i dteannta leis an iar-rí, Tigernmas, i mbun Crom Cruach a adhradh. Thionscnaigh sé nós áirithe trínar bhreathnaigh líon dathanna a chuid éadaí ar aicme shóisialta an duine, dath amháin do ghiolla, seacht ndath do rí nó banríon.
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé i réim ar feadh ceithre bliana, sular mharaigh Cermna Finn é i rith catha ag Teamhair. Tháinig Cermna i dteannta lena dheartháir Sobairce i gcomharbacht air ina ríthe.
- Leabhar Gabhála na hÉireann: Eupales na hAisiria.[8]
- Foras Feasa ar Éirinn: 1159–1155 RC[9]
- Annála na gCeithre Máistrí (a deir go raibh idir-ríocht seacht mbliana idir bás Tigernmais agus teacht i réim Eochada): 1537–1533 RC.[10]
Daire Doimthech
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí beirt ríthe an sna seanscéalta darbh ainm Daire Doimthech: athair Eochada, Daire mac of Conghal; agus Dáire Doimthech mac Sithbolg, rí na Teamhrach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ étgudach ar eDIL
- ↑ Leabhar Gabhála na hÉireann, Cuid V, ll. 209, 211; Robert Macalister.
- ↑ LGÉ V, ll. 45, 209
- ↑ LGÉ V, ll. 23, 61
- ↑ LGÉ II, ll. 33, 107; LGÉ V, lch. 11.
- ↑ LGÉ II, lch. 27.
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, Section 42, XLII, page 287 Curtha i gcartlann 2011-08-05 ar an Wayback Machine; le Seathrún Céitinn
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 209-211
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn 1.25
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M3657-3667
Réamhtheachtaí Tiarnmhas |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1537–1533 RC FFÉ 1159–1155 RC |
Comharba Sobhairce agus Cermna Finn |