Eitleog

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is eitleog ann ná fráma éadrom adhmaid nó plaistigh, clúdaithe le fabraic nó páipéar éadrom, a eitlítear ar théad fhada. Tá cáipéisí sa tSín ó 549 ag cur síos ar fheidhmeanna míleata eitleog. Thóg na hArabaigh eitleoga isteach san Eoraip, agus úsáideadh den chéad uair iad san Iodáil i 1589. An-choitianta mar ábhar scíthe, agus tá feidhmeanna acu sa mheitéareolaíocht is an tsuirbhéireacht.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eitleog". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 246.