Eitilt 17 Aerlínte na Malaeisia (MH17)
| |||||
Cineál | aircraft shootdown (en) coir chogaidh | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | an cogadh in Donbas | ||||
Dáta na bliana | 17 Iúil 2014 | ||||
Suíomh | Donetsk Oblast, An Úcráin (en) Hrabove, An Úcráin | ||||
Tír | an Úcráin agus an Mhalaeisia | ||||
Cúis | pléascadh | ||||
Is cúis le | international reactions to the Malaysia Airlines Flight 17 shootdown (en) MH17 trial (en) | ||||
Líon básanna | 298 (17 Iúil 2014) | ||||
Líon gortaithe | 0 | ||||
Líon na marthanóirí | 0 | ||||
Imscrúduithe ag | Ukraine National Bureau for Civilian Aircraft Events and Accidents Investigations (en) , Dutch Safety Board (en) agus European Union Aviation Safety Agency (en) | ||||
Déantóir na coire | Igor Girkin Sergey Dubinsky (en) Leonid Kharchenko (en) | ||||
Arm | Buk missile system (en) | ||||
D'fhág Eitilt 17, Aerlínte na Malaeisia (MH17), Aerfort Idirnáisiúnta Amstardam ar 17 Iúil 2014. Bhí an t-eitleán ar a bhealach go Kuala Lumpur. Ach bhuail diúracán é os cionn oirthear na hÚcráine, in aice le Donetsk. Maraíodh 298 ar bord.
Measadh go forleathan gur ceannaircigh de bhunadh Rúiseach an réigiúin sin a bhí ciontach as an eachtra.
Cháin airí an Aontais Eorpaigh ag an am go géar na gníomhaíochtaí mídhleathacha a bhí á ndéanamh ag míleataigh armtha i gcónaí in Oirthear na hÚcráine agus breathnófar tuilleadh ar na grúpaí seo a ainmniú mar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta.[1] D'áitigh siad ar an Rúis stop a chur leis an sruth arm, trealamh agus míliteach trasna na teorann agus a cuid trúpaí breise a aistarraingt ó limistéar na teorann. Tháinig an teannas idir an Rúis agus an tIarthar chun buaice dá bharr.[2]
Ar 24 Bealtaine 2018, chuir an Chomhfhoireann Imscrúduithe a bhí ag déanamh an imscrúdaithe ar thuirlingt na heitilte níos mó torthaí i láthair. Rinne sí amach, gan amhras dá laghad, gur le fórsaí armtha Chónaidhm na Rúise an córas diúracán "BUK" a úsáideadh chun aerárthach Aerlínte na Malaeisia a thabhairt anuas.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 22 Iúil 2014" (ga). www.consilium.europa.eu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-14. Dáta rochtana: 2020-07-17.
- ↑ Alex Hijmans (2014). "Súil siar ar nuacht idirnáisiúnta 2014" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-17.
- ↑ Department of Foreign Affairs. "Ráiteas ón Tánaiste faoi thorthaí ón gComhfhoireann Imscrúdaithe maidir le tuirlingt Eitilt MH 17 - Ráiteas ón Tánaiste faoi thorthaí ón gComhfhoireann Imscrúdaithe maidir le tuirlingt Eitilt MH 17 - Department of Foreign Affairs" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-07-17.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol a bhaineann leis an Úcráin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |