Eitilt 17 Aerlínte na Malaeisia (MH17)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
de dhéanamh Boeing 777

D'fhág Eitilt 17, Aerlínte na Malaeisia (MH17), Aerfort Idirnáisiúnta Amstardam ar 17 Iúil 2014. Bhí an t-eitleán ar a bhealach go Kuala Lumpur. Ach bhuail diúracán é os cionn oirthear na hÚcráine, in aice le Donetsk. Maraíodh 298 ar bord.

Measadh go forleathan gur ceannaircigh de bhunadh Rúiseach an réigiúin sin a bhí ciontach as an eachtra.

Físeán

Cháin airí an Aontais Eorpaigh ag an am go géar na gníomhaíochtaí mídhleathacha a bhí á ndéanamh ag míleataigh armtha i gcónaí in Oirthear na hÚcráine agus breathnófar tuilleadh ar na grúpaí seo a ainmniú mar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta.[1] D'áitigh siad ar an Rúis stop a chur leis an sruth arm, trealamh agus míliteach trasna na teorann agus a cuid trúpaí breise a aistarraingt ó limistéar na teorann. Tháinig an teannas idir an Rúis agus an tIarthar chun buaice dá bharr.[2]

Cuimhneachán, aerfort Schipol

Ar 24 Bealtaine 2018, chuir an Chomhfhoireann Imscrúduithe a bhí ag déanamh an imscrúdaithe ar thuirlingt na heitilte níos mó torthaí i láthair. Rinne sí amach, gan amhras dá laghad, gur le fórsaí armtha Chónaidhm na Rúise an córas diúracán "BUK" a úsáideadh chun aerárthach Aerlínte na Malaeisia a thabhairt anuas.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]