Edward Lawrie Tatum
Bithcheimicí a rugadh i mBoulder, Colorado ab ea Edward Lawrie Tatum (1909-1975). I gcomhar le George Beadle, rinne sé taighde ar choincleacha aráin agus tháinig ar an gcoincheap go raibh géinte ar leith a rialaigh táirgeadh einsímí ar leith, géin amháin i gcomhair próitéine amháin. I gcomhar le Joshua Lederberg, léirigh sé go n-atáirgeann baictéir trí tháthú gnéasach. Bhuaigh an triúr Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1958 as.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |