Eantalpacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cainníocht fuinnimh a thagann san áireamh go minic sa teirmidinimic. Úsáidtear an tsiombail H di, agus tomhaistear i ngiúil (J) í. Sainmhínítear mar seo í: H = U + p V, mar arb é U an fuinneamh inmheánach, p an brú, agus V an toirt. Mar shampla, i ngás ag brú tairiseach, is é an teas iomlán is gá a chur leis chun an teocht a ardú ná an méadú sa bhfuinneamh inmheánach móide an obair is gá a dhéanamh i bhforbairt an gháis i gcoinne an bhrú timpeall, agus mar sin, is ionann an teas iomlán is an méadú i H. Níl a leithéid is dearbhnialas eantalpachta ann, agus ní féidir ach athruithe san eantalpacht a thomhas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eantalpacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 237.