Eambólacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bac i bhfuileadán de bharr carnadh is greamú ábhair neamhthuaslagtha (cosúil le téachtán fola) a iompraítear don láthair san imshruthú fola. Aithnítear de ghnáth é de réir an tsoithigh ina bhfuil sé (ceirbreach, corónach, scamhógach), nó de réir an ábhair neamhthuaslagtha (aer, saill). De ghnáth is é a bhíonn in eambólacht ná téachtán fola a briseadh ón ionad téachtaithe, go minic i bhféitheacha na coise. Is féidir go dtarlóidh eambólacht saille mar aimhréidh máinliachta ortaipéidí, mar thoradh ar ghortú, nó le linn insilte infhéithí gan dóthain ullmhúcháin.