Ealaín mhíchéadfach

Téarma a ghlac an Páirtí Naitsíoch sa Ghearmáin sna 1920idí chun cur síos a dhéanamh ar an ealaín nua-aoiseach ab ea an ealaín mhíchéadfach (Gearmáinis: Entartete Kunst). Le linn dheachtóireacht Adolf Hitler, baineadh ealaín nua-aoiseach na Gearmáine, lena n-áirítear go leor saothar d'ealaíontóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu, as iarsmalanna faoi úinéireacht an stáit agus cuireadh cosc uirthi sa Ghearmáin Naitsíoch ar an bhforas gur "masla do dháimh na Gearmáine" a bhí san ealaín den saghas sin, neamh - Ghearmánach, Máisiúnach, Giúdach, nó Cumannach.
Cuireadh smachtbhannaí orthu siúd a aithníodh mar ealaíontóirí míchéadfacha, lena n-áirítear a bpostanna múinteoireachta a chailliúint, toirmeasc ar a gcuid ealaíne a thaispeáint nó a dhíol, agus i gcásanna áirithe, toirmeasc ar ealaín a tháirgeadh.
Ealaín mhíchéadfach an teideal a bhí freisin ar thaispeántas a d’eagraigh na Naitsithe sa bhliain 1937 i München. Bhí 650 saothar ealaíne nua-aoiseach, a tógadh ag na Naitsithe ó mhúsaeim, crochta go dona, agus bhí graifítí agus lipéid téacs curtha leis ag magadh faoi na saothair agus faoi na healaíontóirí.[1] Dearadh an taispeántas chun tuairim an phobail a ghríosú i gcoinne an nua-aoiseachais. Ina dhiaidh sin, thaistil an taispeántas go dtí roinnt cathracha eile sa Ghearmáin agus san Ostair.
Cé go raibh cosc ar stíleanna ealaíne nua-aoiseacha, chuir na Naitsithe pictiúir agus deilbh thraidisiúnta chun cinn a rinne luachanna Blut und Boden ("fuil agus ithir") a mhóradh, mar shampla íonacht chiníoch, míleatachas, agus géilliúlacht. Cuireadh srianta cosúla ar cheol, a rabhthas ag súil go mbeadh sé tonúil agus saor ó thionchair an tsnagcheoil; tugadh ceol míchéadfach ar cheol neamhcheadaithe. Rinneadh cinsireacht ar scannáin agus ar dhrámaí freisin.[2]
Teoiricí na míchéadfachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tháinig an téarma "Entartung" (nó "míchéadfacht") i réim sa Ghearmáin faoi dheireadh an 19ú haois, nuair a cheap an léirmheastóir agus an t-údar Max Nordau an teoiric a cuireadh i láthair ina leabhar Entartung sa bhliain 1892. Bhain Nordau leas as scríbhinní an choireolaí Cesare Lombroso, a d'fhoilsigh an leabhar L'uomo delinquente sa bhliain 1876, ag tabhairt le fios go raibh a leithéid de rud ann agus "coirpigh ó bhroinn" agus gur fhéidir tréithe pearsantachta athdhúchasacha a bhrath trí shaintréithe fisiceacha neamhghnácha a thomhas go heolaíoch.
D'fhorbair Nordau ón mbonn seo critíc nó léirmheas ar ealaín nua-aimseartha, á míniú mar obair daoine a bhí chomh truaillithe agus chomh lagaithe ag saol na linne sin gur chaill siad an smacht a bhí riachtanach chun saothair chomhleanúnacha a chruthú. D'ionsaigh sé an tAeistéiteachas i litríocht an Bhéarla agus rinne sé cur síos ar mhisteachas an chumadóra Ghearmánaigh Richard Wagner agus ar an ghluaiseacht Shiombalaíoch i litríocht na Fraince mar tháirgí paiteolaíochta meabhrach. Agus é ag míniú 'péintéiriúil an Impriseanachais' mar chomhartha ar choirtéis amhairc ghalraithe, cháin sé an mhíchéadfacht chomhaimseartha agus mhol sé cultúr traidisiúnta na Gearmáine.
In ainneoin go raibh Nordau ina fhigiúr lárnach sa ghluaiseacht Shíónach (bhí Lombroso freisin ina Ghiúdach), ghlac na Naitsithe Gearmánacha lena theoiric faoin ealaín mhíchéadfach le linn Phoblacht Weimar mar gháir shlógaidh dá n-éilimh fhrith-Sheimíteacha agus dá n-éileamh ciníoch ar 'íonacht Airianach' san ealaín.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]![]() | Is síol faoin ealaín é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |