Dymphna Lonergan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDymphna Lonergan
Beathaisnéis
Breith(en) Dymphna Josephine Hunt
1949
74/75 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Flinders - Máistir Ealaíon, céim dochtúireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, teangeolaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Flinders Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Acadóir agus údar Astrálach is ea an Dr Dymphna Lonergan. Éireannach ó cheart í agus í ar an dream is mó a tharraing aird an phobail ar úsáid na Gaeilge san Astráil sa 19ú haois.

Rugadh í i mBaile Átha Cliath, áit ar fhoghlaim sí Gaeilge ar scoil. Bhain sí amach an Astráil sa bhliain 1972, agus sa bhliain 1994 fuair sí MA ó Ollscoil Flinders san Astráil Theas as staidéar a rinne sí ar fhocail Ghaeilge i dtéacsanna Angla-Éireannacha. Bhronn Ollscoil Flinders PhD uirthi sa bhliain 2002 as a tráchtas "The Irish language in Australia". Faoi láthair tá sí ina léachtóir i Roinn Béarla Flinders.[1][2]

Déanann sí Gaeilge a mhúineadh in Adelaide agus a shaothrú ar fud na tíre.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán taighde déanta aici ar an rian a d'fhág an Ghaeilge ar Bhéarla na hAstráile, scéal a bhfuil dlúthbhaint aige le neart na teanga i measc inimirceach ó Éirinn ag an am. Tá Dymphna Lonergan ar dhream scoláirí, idir Astrálaigh agus eachtrannaigh, atá i mbun taighde ar theanga agus ar dhúchas na nGael san Astráil. Is é an saothar is tábhachtaí dá cuid Sounds Irish: The Irish Language in Australia, leabhar a chuireann síos ar lorg stairiúil na Gaeilge ar ghnáthchaint agus ar litríocht na tíre.

Leabhair agus ailt[cuir in eagar | athraigh foinse]

• Lonergan, D. (2002).'Native Voices: Irish Language Speaking Characters in Thomas Keneally's "The Great Shame" and Christopher Koch's "Out of Ireland"' in New Voices in Irish Criticism 3. Dublin, Ireland: Four Courts Press, lgh 88-93.

• Lonergan, D. (2003). 'An Irish-centric view of Australian English' in Australian Journal of Linguistics, 23(2) lgh 151-159.

• Lonergan, D. (2003). 'Music out of their mouths: Irish language speakers in Colonial Australia' in Australian Journal of Irish Studies, 3 lgh 23-32. [Scopus]

• Lonergan, D. (2004). Sounds Irish: The Irish Language in Australia. Adelaide, SA: Lythrum Press.

• Williams, S.M., Lonergan, D., Hosking, R.G., Deane, L.I. agus Bierbaum, A.V. (2004). Introduction to The regenerative spirit, Volume 2: (Un)settling, (dis)locations, (post-)colonial, (re)presentations. Adelaide, SA: Lythrum Press, lgh ix-xv.

• Lonergan, D. (2004). 'Away from Home: Fionan Mac Cartha's poetry' in Sue Williams, Dymphna Lonergan, Rick Hosking,Laura Deane and Nena Bierbaum (eag.). The regenerative spirit, Volume 2: (Un)settling, (dis)locations, (post-)colonial, (re)presentations. Adelaide, Australia: Lythrum Press, lgh 200-205.

• Lonergan, D. (2008). 'Language in a Boat' in Irish Family History, 24, lgh 23-33.

• Lonergan, D. (2009). 'Australia's Irish place names' in The Australasian Journal of Irish Studies, 9, lgh 112-129. [Scopus]

• Lonergan, D. (2009). 'Place names: a tool for finding the Irish in South Australia' in Journal of Historical Society of South Australia, 37, lgh 113-116. [Scopus]

• Lonergan, D. (2010). 'The Irish language in Australia: survey of a community language' in Pamela O'Neill (eag.), Celts in Legend and Reality. Sydney, NSW: The Celtic Studies Foundation University of Sydney. 6th Australian Conference of Celtic Studies. Sydney, NSW. Jul 2007, lgh 401-413.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]