Dromainn Tí
Dromainn Tí | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Contae i dTuaisceart na hÉireann | Contae Ard Mhacha | |||
Paróistí dlí in Éirinn | Cill Shléibhe | |||
Logainm.ie | 56885 |
Sráidbhaile agus baile fearainn i gContae Ard Mhacha, Cúige Uladh is ea Dromainn Tí. '[1] I nDaonáireamh 2001 bhí daonra de 364 duine ann. Tá sé laistigh de limistéar Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. T a sé suite laistigh den limistéar sáráilleachta nádúrtha 'Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn', i gContae Ard Mhacha.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhíothas ag súil go n-aistreofaí Dromainn Tí, mar aon leis an gcuid eile de Dheisceart Ard Mhacha, go dtí Saorstát na hÉireann dá n-achtófaí moltaí Coimisiún na Teorann i 1925.[2]
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rugadh an scríbhneoir agus béaloideasóir Michael J. Murphy (1913 -1996) i Learpholl, ach ba as Dromainn Tí dá thuismitheoirí agus bhí cónaí air ann ó bhí sé ocht mbliana d'aois. Chuir sé go mór leis an gclúdach a rinne an BBC agus RTÉ ar an mbéaloideas agus ar shaol na tíre. D'fhoilsigh sé roinnt leabhar faoi shaol, faoi bhéaloideas agus faoi nathanna cainte na hÉireann chomh maith, a leithéidí agus At Slieve Gullion's Foot.[3]
- Oifigeach de chuid Arm na Breataine ab ea an Captaen Robert Laurence Nairac a fuadaíodh ó theach tábhairne i nDromainn Tí, le linn obráide faoi chlúdach. Mharaigh an tIRA Sealadach é ar a cheathrú turas dualgais i dTuaisceart Éireann mar Oifigeach Idirchaidrimh um Fhaisnéis Míleata d'aimsigh agus bronnadh Cros Sheoirse air i ndiaidh a bháis. Thug sé cuairt ar The Three Steps Inn i nDrom an Tí ar an 14 Bealtaine 1977 agus fuadaíodh é nuair a bhí se ag teacht amach as an teach tábhairne, agus maraíodh é tamall ina dhiaidh sin. Ní bhfuarthas a chorp riamh.[4] Le linn "Na Trioblóidí" bhí Drom an Tí i gcrios míleata ag fórsaí slándála na Breatainea a d'úsáid bairr chnoic Shliabh gCuillinn le haghaidh ardán reathnóireachta.
Sport
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an chéad chlub de chuid Chumann Lúthchleas Gael sa chontae lonnaithe nDromainn Tí, agus é gníomhach ar feadh seal gairid in 1887. Bhí Jonesboro Border Rangers GFC gníomhach ó na 1920idí go 1946, agus bunaíodh an club atá ann faoi láthair, CLG Naomh Pádraig, Dromainn Tí, i 1952 agus is ionann é agus Paróiste Dhromainn Tí agus Bhaile an Chláir. Imrítear peil Ghaelach agus camógaíocht ann.[5]
Bhí Dromainn Tí ina bhaile ag iar Uachtarán CLG, Pádraig Mac Con Midhe. Bhí Mac Con Midhe ina Uachtarán ó 1938 go 1943 mar ionadaí Aontroma.[6]
Séipéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Eaglais Naomh Pádraig, Dromainn Tí, séipéal paróiste Dhromainn Tí.[7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Townland of Drumintee". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Márta 2012. Dáta rochtana: 6 Meitheamh 2024.
- ↑ "Irish Boundary Commission Report".
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ "Body of Captain Robert Nairac may have been found using cadaver dogs".
- ↑ "Naomh Pádraig, Dromanin Tí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Bealtaine 2022. Dáta rochtana: 6 Meitheamh 2024.
- ↑ "President of GAA and Cultural Pioneer". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Lúnasa 2022. Dáta rochtana: 6 Meitheamh 2024.
- ↑ "Parish Details Dromintee".