Domnall mac Donnchada Midi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDomnall mac Donnchada Midi
Beathaisnéis
Bás799
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairDonnchad Midi mac Domnaill

Rí na Mí de Clann Cholmáin ba ea Domhnall mac Donnchadha na Mí (Sean-Ghaeilge Domnall mac Donnchada Midi) (bás 799). An tArdrí, Donnchadh na Mí (bás 797), ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 797 go dtí 799. Ní fheictear é sa ríliosta Uisnigh sa Leabhar Laighneach, ach tá sé le feiceáil i ndán ríthe na Mí.

Tréimhse achrainn chathartha i measc Chlann Colmáin a bhí ann idir bás Dhonnchadha na Mí agus teacht i réim a mhic, Chonchúr sa bhliain 803. Is amhlaidh gur tháinig a mhac Domhnall i gcomharbacht ar Dhonnchadh sa bhliain 797. An bhliain chéanna, rinne an tArdrí, Aodha Oirdní de Chineál Eoghain, ionsaí ar an Mhí agus chloígh sé Clann Cholmáin ag Cath Druim Ríg. Maraíodh beirt deartháireacha Muireadhaigh, Fíonsneachta agus Diarmaid Odhar, le linn an chatha.[2] Scrios Aodh ansin ann Mhí a ghéill dó. Meastar gur thosaigh ríogacht Aodha as an eachtra seo.[3]

Sa bhliain 799, maraíodh Domhnall na Mí ag a ghaol féin agus rinneadh rí na Mí dá uncail, Muireadhach.[4] Insítear ansin gur bhuaigh Muireadhach in éadan Chineál Chairbre (Cenél Cairpri) as Tethba ag Cath Finnabair dá bhliain 799, inar maraíodh a rí.[5] D'fhéadfadh é go raibh sé ag troid ar son a nia, Domhnall, óir gur tharla an eachtra seo roimh a dhúnmharú dar le hAnnála Uladh.[6] De réir Annála na gCeithre Máistrí, ámh, tharla an cath tar éis an dúnmharú, agus bheidís é go raibh Muireadhach ag cur a cheannais féin i réim.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Charles-Edwards, Aguisín III
  2. Annála Uladh, AU 797.3
  3. AU 797.5
  4. AU 799.5
  5. AU 799.2
  6. Mac Niocaill, lch. 144