Domhnaill Ó Bearáin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Feabhra 1928 Contae Átha Cliath Theas, Éire |
Bás | 3 Eanáir 2018 89 bliana d'aois |
Uachtarán Irish Human Rights Commission (en) | |
Breitheamh An Chúirt Uachtarach | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Belvedere An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Óstaí an Rí |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, abhcóide |
Gradam a fuarthas
|
Breitheamh Éireannach ab ea Donal Barrington nó Domhnaill Ó Bearáin (28 Feabhra 1928 – 3 Eanáir 2018), Bhí sé ina bhreitheamh den Ard-Chúirt (1979-89), de Chúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach (An Chúirt Ghinearálta (Aontas Eorpach) inniu)[1] (1989-96) agus den Chúirt Uachtarach (1996-2000).[2][3]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus é ina neach léinn i gCOBÁC, bhí sé ina Reachtaire ar an gCumann Dlí sa bhliain acadúil 1949-50. Glaodh chun an Bharra air an bhliain dár gcionn.
Sa bhliain 1967 rinneadh abhcóide sinsearach de. I rith a shaoil gairme fhada mar dhlíodóir, phléideáil sé roinnt cásanna ríthábhachta, cosúil le
- Byrne v Ireland (deireadh le díolúine an stáit),
- McGee v Attorney General (ceart na lánúineacha pósta chun frithghiniúna) agus
- an cás a thug An tAthair PX Ó Máirtín i gcoinne Bhardas Bhaile Átha Cliath maidir le tógáil Oifigí na Cathrach ag Cé an Adhmaid.
Chomh maith le bheith ina dhlíodóir agus ina bhreitheamh, ba intleachtóir tábhachtach é in Éirinn sa tríú ceathrú den fhichiú haois, go mór mór mar gheall ar an bpáirt a ghlac sé sa ghrúpa Tuairim. Rinne sé cuid mhaith den réiteach i gcomhair athrú dearcaidh náisiúnaithe na hÉireann maidir le Tuaisceart Éireann agus le hAontachtaithe Uladh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "General Court (European Union)" (as en) (2021-01-02). Wikipedia.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Donal Barrington" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-04.
- ↑ ihrec.ie. "AN COIMISIÚN UM CHEARTA DAONNA NA hÉIREANN, 2003". Dáta rochtana: 2021.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |