Dlíthe Kepler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa réalteolaíocht, déanann Dlíthe Kepler cur síos ar na príomh-airíonna a bhaineann le ghluaisní na bpláinéad timpeall na Gréine, ach gan iad a léiriú dúinn. D'aimsigh Kepler na dlíthe seo agus é ag staidéir na hoibre a bhí déanta roimhe sin ag an réalteolaí agus ailceimiceoir Tycho Brahe . Rinne Newton amach Teoiric na hImtharraingthe ó réamhobair Bhramhe agus Kepler.

Trí Dlíthe Kepler[athraigh | edit source]

An Chéad Dlí[athraigh | edit source]

Fíor 1:Pláinéid ag dul thart timpeall an ghrianchórais i bhfithis eilipseach.

Is i bhfithisí eilipseacha a théann pláinéid timpeall an ghrianchórais s'againne agus is í an Ghrian fócas na n-éilipsí.(Fíor 1)

An Dara Dlí[athraigh | edit source]

Fíor 2. An Dara Dlí:: Is ionann gach eatramh agus agus 5% de pheiriaid

Scuabann líne dhíreach idir pláinéad agus an Ghrian an t-achar céanna, de réir an aonaid ama a bhíonn i gceist. Mar gheall ar sin, nuair a bhíonn pláinéad i bhfad amach ón nGrian, is moille a bhíonn sé ag gluaiseacht ná mar a bhíonn agus é i ngaireacht don Ghrian.(Fíor 2)

An Triú Dlí[athraigh | edit source]

Maidir leis an meánfhad idir an phláinéad agus an Ghriain agus an peiriad fithiseach nó an t-achar ama a thógann sé ar phláinéad fithis iomlán a dhéanamh, bíonn ciúbú an mheánfhaid i gcomhréie le ceathrú am achar ama. Go siombalach:

 {P^2} \propto  {a^3}

nuair is P peiriad fithiseach an phláinéid agus a ais leathmhór na fithise.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]