Dlí Hooke
Jump to navigation
Jump to search

Tá an feadán Bourdon bunaithe ar dhlí Hooke. Díchornann an fórsa a chruthaíonn an brú gáis, taobh istigh den fheadán miotail corntha thuas, é i gcomhréir leis an bhrú
Sa bhfisic, dlí a deir go bhfuil an straidhn in ábhar díreach i gcomhréir leis an strus is bun léi. Ainmnithe as an bhfisicí Sasanach Robert Hooke (1635-1703) a d'fhionn é. Ní fíor é ach nuair a bhíonn an strus an-bheag. Tagann sé i bhfeidhm i lingeáin mar seo: nuair a chuirtear straidhn bheag i bhfeidhm ar an lingeán le fadú beag (x), tagann fórsa aischurtha (F) i bhfeidhm a bhíonn díreach i gcomhréir leis an bhfadú. F = -kx, ar tairiseach é k, tomhas ar dhoichte an lingeáin.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |