Straidhn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

An t-athrú codánach, sloinnte mar uimhir, i dtoisí réada a chuirtear faoi strus. Nuair is fórsa a fheidhmíonn ar feadh ais an réada a bhíonn i gceist, straidhn líneach a tharlaíonn, an t-athrú sa bhfad, roinnte ar an mbunfhad. Straidhn thoirtmhéadrach, an t-athrú codánach sa toirt, a tharlaíonn do réad a bhrúitear ar gach taobh. Tarlaíonn straidhn fhiartha mar fhreagairt ar fhórsa casta.