Diwali
Cineál | lá saoire cóisir ![]() |
---|---|
Comóireann sé | light source (en) ![]() ![]() ![]() ![]() |
Lá | Ashvin Krishna Trayodashi (en) ![]() Ashvin Krishna Chaturdashi (en) ![]() Ashvin Amavasya (en) ![]() Kartik Shukla Pratipada (en) ![]() Kartik Shukla Dwitiya (en) ![]() ![]() |
Fad ama | 5 d ![]() |
Tír | An India, Fidsí, An Ghuáin, Oileán Mhuirís, Singeapór, Srí Lanca, Neipeal, Suranam, Maenmar agus Oileán na Tríonóide agus Tobága ![]() |
Le cuid | |
Féile Hiondúch na soilse is ea Diwali, de ghnáth le linn mhí na Samhna (agus mí Dheireadh Fómhair uaireanta, í de réir fhéilire na gealaí).[1]
Déanann muintir na hIndia ceiliúradh ar feadh cúig lá.[2] Ceiliúrann Suícigh agus Búdaithe áirithe an t-am seo chomh maith ar fud na Áise (úsáideann siad ainmneacha difriúla b'fhéidir).
Seasann an Fhéile seo do bhua na maithe ar an olc.[3] Ceiliúradh an fhómhair atá ann freisin.
Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Mar chuid den fhéile seo, lasann daoine lampaí cré lán le híle;[4]
- Déantar milseáin Indiacha nó ‘mithai’ le seimilín, plúr cruithneachta, plúr sciphiseánaigh nó bainne tiubhaithe. Déantar iad a chumhrú le spíosraí milse, cuirtear cnónna agus rísíní iontu agus múnlaítear iad ina gcearnóga agus ina gciorcail dhaite;
- An dán eipiciúil, an Ramayana a rá;[5]
- Gléasadh le haghaidh Diwali, cuairt a thabhairt ar dhaoine muinteartha, bia a roinnt, dul chuig an Teampall agus Diva a lasadh, srl.[6]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Oíche Shamhna
- Féile an Tiomnaithe
- Ramayana (dán eipiciúil)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Diwali agus Samhain i dtuaisceart Bhéal Feirste" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-11-04.
- ↑ "Pósadh Diwali agus Samhain < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-11-04.
- ↑ cogg.ie (5 Nollaig 2012). "Eureka 9-10". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ ccea.org.uk. "Lón Anamaː Aonad Téamach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-04. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Nollaig 2013 by Conradh na Gaeilge - Issuu" (en). issuu.com. Dáta rochtana: 2021-11-04.
- ↑ nicurriculum.org.uk. "Creideamh agus Solasː Aonad Téamach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-04. Dáta rochtana: 2021.