Diodora graeca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDiodora graeca Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdLepetellida
FineFissurellidae
GéineasDiodora
SpeiceasDiodora graeca Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Is moileasc mara gastrapódach san fhine Fissurellidae é Diodora graeca. Tugtar an bairneach iascáin air i nGaeilge,[1] ainm a úsáidtear freisin ar go leor speiceas eile san fhine Fissurellidae (Béarla: keyhole limpets).

Carl von Linné a rinne cur síos air ar dtús (mar Patella graeca) sa 10ú heagrán dá leabhar mór le rá Systema Naturae (1758).

Faightear an speiceas seo faoi chlocha nó i ngreim i gclocha sa chrios fo-chladach (suas le cúpla céad méadar ar doimhneacht) sa Mheánmhuir agus in Iarthar na hAfraice go dtí an Mhuir Thuaidh (go forleathan ar chóstaí na hÉireann agus iarthar na Breataine) agus an tAtlantach Thuaidh fo-artach. Is beagnach cinnte gur iontaisí iad na samplaí a caitheadh suas ar thránna na Mara Thuaidh (ón Phléicéineach agus an ré Ímeach), toisc nach bhfuil an speiceas seo le feiceáil in oirdheisceart na Mhara Thuaidh a thuilleadh.[2]

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an mbairneach iascáin ina leabhar clúiteach Cladaí Chonamara; is dócha gurb é seo an speiceas a bhí i gceist aige:

Ar chladaí achrannacha fiáine a fhásas siad seo in aice le díthrá. Tá siad ar an gcineál is mó a mhéadaíos de threibh na mbairneach. Níl aon locht acu a bheith in aice leis an uisce i gcónaí mar bíonn na locháin in íochtar cladaigh druidte leo — sliogáin shleamhna agus an dath céanna orthu leis an áit a dtaithíonn siad. Go minic le taitneamh an lae éiríonn sé suas ar a leathriasc agus síneann sé a adharca amach ó cholbha an tsliogáin. Nuair a chlúdaíos an taoille na clocha bíonn siad ag imeacht anonn agus anall ag soláthar bia dóibh féin. An t-iasc righin buí a bhíos i ngreamú den chloch agus an chuid atá in aice le droim an tsliogáin tá sé níos boige agus níos duibhe. Iasc de as séimhí iad le n-ithe agus tá an sú go folláin. Moltar anraith faochan agus bairneach don té a bhíos ag gearán ar shlaghdán. Baintear go leor bairneach san earrach i Muínis féin.[3]

Ainmneacha comhchiallacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fissurella mamillata Risso, 1826
  • Fissurella reticulata (Da Costa, 1778)
  • Patella apertura Montagu, 1803
  • Patella graeca Linnaeus, 1758
  • Patella reticulata Donovan, 1803

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Diodora apertura” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-02.
  2. Oliver, A.P.H. (2004). Guide to Seashells of the World. Buffalo: Firefly Books. 25.
  3. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.