Diarmaid Ó Donnabháin Rosa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmaid Ó Donnabháin Rosa

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Jeremiah O'Donovan Rossa
Beathaisnéis
Breith10 Meán Fómhair 1831
Ros Ó gCairbre Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Meitheamh 1915
83 bliana d'aois
Oileán Staten, Nua Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 20ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
27 Samhain 1869 – 10 Feabhra 1870 (dícháiliú)

Toghcheantar: Tiobraid Árann

Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Ealaíontóirí gaolmharaMary O'Donovan Rossa Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMary O'Donovan Rossa Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 5747054 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba réabhlóidí Éireannach as Iarthar Chorcaí é Diarmaid Ó Donnabháin Rosa (10 Meán Fómhair,[fíoras?] 1831 - 29 Meitheamh, 1915), nó Jeremiah O’Donovan Rossa as Béarla.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é a bhunaigh Cumann an Fhéinics, gluaiseacht cheannairceach Éireannach (1858) as ar fhás Bráithreachas na Poblachta níos déanaí. Cuireadh i bpríosún é go minic mar gheall ar an mbaint a bhí aige le gluaiseacht na bhFiníní, agus díbríodh as Éirinn é faoi dheireadh in 1871.

Chuir sé faoi i Nua-Eabhrac agus ba é a d’eagraigh na feachtais bhuamála i gcoinne chathracha Shasana a mhair ar feadh roinnt blianta. Rinne rialtas na Breataine iarracht é a eiseachadadh ach níor éirigh leo. Lámhach bean Shasanach, Yseult Dudley, é in 1885 lasmuigh dá oifig in aice le Broadway, ach tháinig sé slán. Chreid a lucht leanúna gur ar ordú ó Rialtas na Breataine a rinne sí an t-ionsaí seo.

Tugadh cead do Ó Donnabháin filleadh ar Éirinn i 1894, agus arís i 1904. Rinne "Saoránach" de chathair Chorcaí de i 1904, rud a léirigh go raibh tacaíocht mhór aice ina cheantar dúchais. D’fhill sé ar Mheiriceá agus bhí sé an-tinn sna blianta deireanacha dá shaol. D’éag sé in ospidéal in Oileán Staten ar an 29 Meitheamh 1915.

óráid cois uaighe, Sochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa, Lúnasa 1915

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhór an tábhacht shiombalach a bhain lena thórramh. Tugadh a chorp ar ais go hÉirinn agus cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon.

Ba é Pádraig Mac Piarais a thug an óráid os cionn uaighe, ceann de na hóráidí ba cháiliúla i stair na hÉireann.

Bhí Éirí Amach na Cásca á bheartú ag an am agus d’úsáid Bráithreachas na Poblachta an ócáid chun an náisiúnachas a ghríosadh sa phobal.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]