Jump to content

Deicibeil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AonadDeicibeil
Cineállogarithmic unit (en) Aistrigh, SI-accepted non-SI unit (en) Aistrigh, non-SI unit mentioned in and accepted with the SI (en) Aistrigh agus unit of dimension one (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad delogarithmic quantity (en) Aistrigh agus sound intensity (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtar UnicodeCuir in eagar ar Wikidata
EapainmAlexander Graham Bell Cuir in eagar ar Wikidata
Tiontuithe aonad
In aonaid caighdeánacha0.1 B Cuir in eagar ar Wikidata

Aonad ina dtomhaistear leibhéal déine fuaime is ea deicibeil. Scála logartamach is ea é seachas dearbhscála. Is brúthonn í fuaim, ina dtarlaíonn buaiceanna brú is loig brú i ndiaidh a chéile de réir mar a fhorleathann an fhuaim tríd an aer. De ghnáth tomhaistear leibhéal déine nó glóraí fuaime nó torainn i ndeicibeilí. Is é 0 dB tairseach aireachtála na cluaise, agus is deacair fuaimeanna níos lú ná 10 dB a chloisint, ach is pianmhar fuaimeanna níos mó ná 120 dB. Bíonn timpeall 60 dB i ngnáthchomhrá, agus timpeall 100 dB i gcoirm raic-cheoil.[1] Léiríonn an tábla seo na luachanna a bhíonn ag fuaimeanna éagsúla:

istoíche faoin tuath20 dB
cogar30 dB
gnáthchómhrá60 dB
i ngluaisteán atá ar siúl80 dB
saotharlann innealra100 dB
gar d'aerdhruilire120 dB
gar do scairdinneall140 dB
  1. Hussey, Matt (2011). "Deicibeil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 201.