Scála logartamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

D'fhionn an matamaiticeoir Albanach John Napier logartaim chun fadhbanna méadaithe is roinnte a dhéanamh níos simplí. Thóg sé táblaí logartam chun na próisis seo a dhéanamh. Mar shampla, má tá 1,000 (nó 103) le méadú faoi 100,000 (nó 105), ní gá a dhéanamh ach na forscripteanna a shuimiú: 3 + 5 = 8, chun an freagra 108 a fháil. Le logartaim, is féidir an próiseas a dhéanamh chomh simplí sin i gcás aon uimhreacha is gá, agus is uimhreacha de shaghas na bhforscripteanna atá ar an scála logartamach. Is scálaí logartamacha iad scála Richter agus deicibeilí (dB).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scála logartamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 580.