David Beckham
Imreoir sacair Sasanach is ea David Robert Joseph Beckham OBE (an 2 Bealtaine 1975 a rugadh é in Leytonstone, Londain).
Imríonn sé i lár na páirce don fhoireann Los Angeles Galaxy. Roimhe sin d'imir sé le Real Madrid sa Spáinn agus ba é captaen fhoireann náisiúnta peile Shasana.
Tá clú agus cáil air mar gheall ar an gcumas atá aige ciceanna saora agus cúinní a thógáil, go háirithe thar réimse fada, agus mar gheall ar a phósadh le duine de na Spice Girls, Victoria Adams.
Shínigh Beckham conradh le Manchester United i 1991 agus d’imir sé i bpríomhshraith sacair Shasana den chéad uair i 1995 agus é naoi mbliana déag d’aois. Tharraing sé aird an phobail air féin an bhliain ina dhiaidh sin agus é ag imirt i gcoinne Wimbledon (ar a dtugtar Milton Keynes Dons F.C. anois). Thug sé faoi deara go raibh cúl báire an fhreasúra tar éis teacht amach óna líne agus chiceáíl sé an liathróid ón line leathbhealach; chuaigh sí thar an gcúl báire isteach sa chúl.
Sa séasúr 1998-99, bhí sé páirteach san fhoireann de chuid United a bhuaigh na trí chomórtas mhóra, éacht a bhí gan réamhshampla i bpeil na tíre agus a thuill ridireacht d'Alex Ferguson, bainisteoir na foirne.
Ag tús an tséasúir 2001-02 thosaigh an gaol a bhí idir Fergusson agus Beckham ag dul in olcas. Bhí baint ag an aighneas seo, ní le cuid oibre Beckham ar an bpáirc, ach leis an mbrú leanúnach óna iondaithe agus ó lucht urraíochta, chomh maith leis na scéalta go léir a bhí á sceitheadh ag a bhean Victoria, is cosúil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |