Dara Bán Mac Donnchadha
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1939 |
| Bás | 4 Iúil 2008 68/69 bliana d'aois |
| Áit chónaithe | An Aird Thoir |
| Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Amhránaí sean-nóis Éireannach ab ea Dara Bán Mac Donnchadha (1939–2008). Rugadh agus tógadh ar an Aird Thoir, Carna, Contae na Gaillimhe é, ceantar clúiteach ó thaobh amhránaíochta traidisiúnta. Rugadh agus tógadh Joe Heaney sa teach béal dorais.[1] Cuireadh a ainm os comhair an phobail den chéad uair sa bhliain 1985 nuair a chas sé amhrán ar an gclár Casadh an tSúgáin ar Raidió na Gaeltachta. Bronnadh Gradam Shean-nós Cois Life air i 1999, agus bhronn TG4 an gradam “Amhránaí na Bliana” air in 2007.[2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ "Amhránaí TG4". Dáta rochtana: 2024-01-20.