Jump to content

Dúnmharú an Miami Showband (1975)

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú an Miami Showband
Map
 54° 15′ 37″ N, 6° 18′ 57″ O / 54.2603°N,6.3159°W / 54.2603; -6.3159
Cineálionsaí buamála
lámhach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana31 Iúil 1975 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhContae an Dúin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata
leacht cuimhneacháin, Cearnóg Parnell, le William Murphy

Bhí dúnmharú an Miami Showband ar na coireanna ba mhíchlúití dá ndearna Óglaigh Uladh (UVF) riamh in Éirinn.[1]

Ar an 31 Iúil 1975, maraíodh triúr den bhanna ceoil san ionsaí, agus an seó-bhanna ag taisteal ar ais go Baile Átha Cliath ó Dhroichead na Banna. Nuair a mhaidhm na sceimhlitheoirí buama leis na ceoltóirí a mharú, fuair beirt fhear dá gcuidsean bás sa phléasc.

Ba é plean an UVF go ligfí ar shiúl ón seicphointe iad agus an buama ina veain. Phléascfadh an buama áit éicint ar an mbealach, mharófaí an grúpa agus buntáiste sa bhreis a bheadh ann dá maródh an phléasc daoine eile chomh maith. Bheifí in ann a chur i leith an bhanna go raibh siad ag iompar buamaí agus chuirfí stop leis an gcineál normáltachta a chuir a leithéidí ar fáil beag beann ar uafás na linne.[2]

Bhí muintir an dreama a hionsaíodh ag maíomh i gcónaí go raibh lámh ag na fórsaí slándála freisin (an UDR) san ionsaí. Bhí socrú ó thaobh cúitimh déanta ag Aireacht Cosanta na Breataine... sa bhliain 2021.[3]

Sléacht i mBuskhill, An Dún
Óglaigh Uladh (UVF, nó as Béarla, na Ulster Volunteers)

Ba nós leis na seó-bhannaí an tír a thaisteal agus a gcuid ceoltóireachta a dhéanamh beag beann ar an teorainn. Bhí daoine ón dá phobal ag freastal ar a gcuid ceolchoirmeanna. Bhí tuaisceartaigh agus deisceartaigh, Caitlicigh agus Protastúnaigh ann agus dlúthchairdeas eatarthu go léir.

Ach b'é an dearcadh a bhí ag na dearg-Dhílseoirí orthu "nach raibh ach ceol na reibiliúnach á sheinm acu". Thairis sin, bhíodh na gnáthóirí ag trasnú na teorann go minic le dreas ceoil a chloisteáil agus cúrsa damhsa a dhéanamh ar an taobh eile. Maidir leis an Miami Showband, áfach, ní fhéadfá an locht seo a chur orthusan, nó bhí siad ag seinm amhráin Mheiriceánacha nach raibh ciall pholaitiúil ar bith leo in Éirinn. Ina theannta sin sheinn an Miami i hallaí i gceantair dhílseacha agus náisiúnacha.

Saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh in Ard Mhacha Theas

Thug an Miami Showband uathu an ghig dheireanach sa Castle Ballroom i nDroichead na Banna, agus d'imigh siad leo le dhá veain ag leathuair tar éis a dó réamhnóna. B'é an bainisteoir a bhí ag tiomáint veain an trealaimh, agus an cheolfhoireann féin ag taisteal sa dara veain.

Duine de na ceoltóirí, mar atá, an drumadóir Ray Millar, tháinig sé slán, ó bhí sé ag tiomáint a ghluaisteáin féin, agus é lena chodladh a fháil i dteach a thuismitheoirí in Aontroim.

Ag fágáil Dhroichead na Banna ina ndiaidh dóibh, chaithfeadh an cheolfhoireann stopadh ag seicphointe de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh. Nuair a ligeadh ar shiúl ón seicphointe iad, ghreamaigh gluaisteán de chuid na sceimhlitheoirí de veain na gceoltóirí.

I ndiaidh tamaill, stopadh veain na gceoltóirí ag seicphointe eile, mar a shíl siad féin, agus díríodh isteach i leataobh páirceála eile iad. An gluaisteán a bhí á leanúint, stop sí chomh maith.

Bhí na daoine a stop iad faoi éide mhíleata ach dílseoirí ón UVF ab ea iad. Bhí baill den Reisimint Chosanta Uladh UDR, reisimint áitiúil cúltaca d’Arm na Breataine sa drong (Bhí siad ag caitheamh sainéidí UDR, agus ina saighdiúirí sa reisimint, cé go raibh siad gníomhach i bhFórsa Óglaigh Uladh - an UVF - freisin).

D’ordaigh siad don gcúigear dul amach ar thaobh an bhóthair agus thosaigh ‘ag scrúdú’ na feithicle. Is ag leagan buama sa veain a bhíodar ach phléasc sé gan choinne agus mharaigh sé an bheirt a bhí á láimhseáil, Harris Boyle agus Wesley Somerville. Shéid neart na pléisce Stephen Travers agus Brian McAlea isteach i ndíog.[2]

Chinn na sceimhlitheoirí iarsmaí an bhanna a mharú le nach mbeadh fianaise ná finnéithe fágtha. Thosaigh an chuid eile den lucht ionsaithe ag scaoileadh leis an mbanna. Maraíodh Fran O’Toole, 29, amhránaí, Tony Geraghty, 23, giotáraí agus Brian McCoy, 33, trumpadóir. Criathraíodh aghaidh agus cloigeann an phríomhamhránaí Fran O'Toole le meaisínghunna, agus lámhachadh an tiománaí Brian McCoy agus Anthony Geraghty sa droim. Lig Stephen Travers air féin go raibh sé marbh. Chuaigh Des McAlea i bhfolach. Níos déanaí, thóg sé an gháir.

Nuair a bhain na póilíní láthair na coire amach, fuair siad rompu, cé is moite de na ceoltóirí marbha, beirt sceimhlitheoirí marbha, Harris Boyle agus Wesley Somerville, agus Stephen Travers, gortaithe go dona.

Riar an chirt

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciontaíodh triúr saighdiúirí, James Somerville, Thomas Crozier, agus James McDowell, i ndúnmharú na gceoltóirí. Ar an gcúigiú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair, 1976, gearradh príosúnacht cúig bliana déag is fiche do thriúr saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh (UDR), a bhí ina mbaill d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF).

D'fhan siad i dtóin phríosúin go dtí gur scaoileadh saor iad i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Sa bhliain 2021, bhí socrú ó thaobh cúitimh déanta ag Aireacht Cosanta na Breataine agus ag an PSNI - le daoine a tháinig slán as sléacht. Tar éis cás cúirte a mhair naoi mbliana in aghaidh Roinn Cosanta na Breataine agus na bpóilíní fuair gaolta na marbh agus na marthanóirí cúiteamh £1.5 milliún eatarthu (ógraíodh sin san Ard Chúirt i mBéal Feirste ar 13 Nollaig 2021).[3]

Admháil ar chlaonpháirteachas ab ea é, cé nár dhúirt an stát gur admháil ab ea é.[2]

I mí Aibreáin 2025, léiríodh ómós i Maigh gCaiseal i nDún Geanainn do Wesley Somerville, an ball eile den UVF a maraíodh sa phléasc.

Ar an 30 Iúil 2025, ghlac iarbhaill an bhanna a agus lucht tacaíochta páirt i searmanas cuimhneacháin Déardaoin ag láthair an tsléachta.

Ar an 1 Lúnasa 2025 bhí paráid i bPort an Dúnáin in ómós do Harris Boyle, duine dá n-ionsaitheoirí. Comhalta den UDR ab ea Boyle a maraíodh nuair a phléasc an buama a bhí sé a leagan i veain an bhanna.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "The Miami Showband Massacre 1975 - video dailymotion" (en). Dailymotion. Dáta rochtana: 2019-07-31.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Póilín Ní Chiaráin (3 Lúnasa 2025). "Sléacht an Miami – bíodh cearta d’íobartaigh mar chuimhne air" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-03.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2021-12-13). "Socrú cúitimh leo siúd a tháinig slán ó shléacht Miami Showband" (as ga).