Dúnmharú Guillem Agulló
| ||||
Cineál | coireacht fuatha dúnmharú polaitiúil | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 11 Aibreán 1993 | |||
Suíomh | Montanejos, An Spáinn | |||
Tír | an Spáinn | |||
Íospartach | Guillem Agulló i Salvador | |||
Cosantóir | ||||
Cúiseamh | dúnbhású | |||
Pionós | carcrú, 14 bliain. ((1995)) | |||
Fear óg Vaileinseach ab ea Guillem Agulló i Salvador (6 Meán Fómhair 1974 - 11 Aibreán 1993), gníomhaí i ngluaiseachtaí ar chlé, ar son neamhspleáchas na Catalóine, agus i SHARP (Skinheads Against Racial Prejudice). Mharaigh grúpa gníomhaithe antoisceach ar dheis é sa bhliain 1993.[1]
Dúnmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Breacadh an lae 11 Aibreán 1993 a bhí ann nuair a tháinig grúpa faisistithe óga suas in aice le Guillem Agulló, a bhí i Montanejos lena chairde ar feadh saoire na Cásca. Thosaigh na faisistithe óga seo ag scairteadh ‘Sieg Heil’ agus ‘Viva España’. Mharaigh duine amháin díobh Guillem le sá sa chroí.[2] Nuair a d’fhág siad, bhí na dúnmharfóirí ag canadh an iomainn fhaisistigh ‘Cara al Sol’[3].
Mhaígh an teaghlach, agus eagraíochtaí ar chlé, go raibh cúis pholaitiúil leis an gcoir, mar gur ghníomhaí faisisteach cáiliúil é an dúnmharfóir agus bhí a fhios aige gur frithfaisistí é Guillem. Cháin na páirtithe polaitiúla go léir seachas Páirtí an Phobail, Falange Española agus Unió Valenciana an dúnmharú[4].
Gabhadh Gerardo Mora, Juan Manuel Sánchez, José Cuñat, Francisco Garcia agus Pedro Cuevas, an duine deireanach an té a rinne an t-ionsaí sceana[5]. Bhí gach duine acu ina mbaill de chuid an ghrúpa áitiúil antoiscigh ar dheis "Komando Marchalenes IV Reich", ainmnithe in onóir don Tríú Reich Naitsíoch.
Triail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharlaigh an thriail in 1995 agus gearradh pianbhreith i mBealtaine 1996. Níor dhaor an breitheamh ach duine amháin, Pedro Cuevas, a d'admhaigh gurb é féin a rinne an sá. Fuair sé ceithre bliana déag sa phríosún. De réir an bhreithimh, ba scliúchas ba chúis leis an mbás i measc daoine óga agus ní coir polaitiúil a bhí i gceist.[6]
Le linn an phróisis bhreithiúnaigh, rinne an nuachtán áitiúil feachtas ‘Las Provincias’ coirpeach den íospartach agus de na grúpaí frithfhaisisteacha agus scarúnaíocha a raibh Guillem gníomhach iontu. Bhíothar ag iarraidh a shéanadh go raibh aon chúis pholaitiúil laistiar den chás, agus é a chur i láthair mar scliúchas gan choinne i measc grúpaí radacach óg, nach mór [7].
Ina ionad sin, d’fhiosraigh agus mhaígh an irisleabhar ‘El temps’ na naisc idir an príomhghrúpa nua-Naitsíoch a bhí ag feidhmiú i Valencia agus na grúpaí antoisceacha ar dheis a bhaineann le foireann pheile Valencia CF agus an grúpa nua-Naitsíoch Spáinneach ‘Acción Radical’[8].
Saoirse
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur daoradh chun ceithre bliana déag i bpríosún é, níor chaith Cuevas ach ceithre bliana ann: saoradh é ón bpríosún in 1997 as dea-iompar.
Gabhadh Pedro Cuevas in 2005 arís le timpeall fiche duine eile mar chuid d'eachtra ar a dtugtar “Oibríocht Panzer” a rinneadh in aghaidh grúpa nua-Naitsíoch foréigneach a bhí ag feidhmiú i gComhphobal Vaileinseach agus thug sé air féin Frente Antisistema (FAS). Bhí saighdiúirí Arm na Spáinne i measc bhaill an ghrúpa. Bhí an grúpa sin ag pleanáil ionsaithe in aghaidh inimirceach, gníomhaithe i bpáirtithe cléigh agus páirtithe ar son neamhspleáchais na Catalóine. Cuireadh ina leith go raibh cruinnithe mídhleathacha, seilbh agus monarú arm ar siúl acu. Tagann "Panzer" mar ainm ón ainm a thug Pedro Cuevas ar na miotóga práis, a bhí déanta acu, i gcuimhne ar na tancanna Naitsíocha.[9]
Nuair a cuireadh ar a dtriail iad i 2013, fuarthas neamhchiontach na cosantóirí go léir. Ní raibh na taifid teileafóin inghlactha mar fhianaise sa chúirt agus nuair a chinneadh an armlann a rialú, bhí sí imithe ar chúis éigin nach dtuigtear. De réir Comhairle Ghinearálta na mBreithiúna, "oibríocht aimhrialta riaracháin an cheartais" a bhí ann. I ndáiríre bhí na hairm scriosta ag póilín éigin de chuid an Guardia Civil, roimh an triail[10]. Ag deireadh na trialach d’éiligh na cosantóirí a n-airm a fháil ar ais, agus ó tharla go raibh siad scriosta, lorg siad cúiteamh agus ghlac an breitheamh lena n-iarratas[11].
In 2007 bhí Pedro Cuevas mar iarrthóir sa toghchán chathrach le páirtí antoisceach ar dheis Alianza Nacional sa chathair bhardais Vaileinseach Xiva[12], ach ní bhfuair sé ach 23 vóta, 0,34% de vóta iomlán[13].
I gcuimhne ar Guillem
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 11 Aibreán gach bliain, cuimhnítear ar Guillem mar chuid de léirsithe éagsúla sa Chomhphobal Vaileinseach agus sa Chatalóin.
Tá grúpaí ceoil líonmhara a chum amhrán in ómós dó, mar shampla: "No tingues por" (Ná bíodh eagla ort) le Obrint Pas, "Guillem Agulló" le Cagant Melodies, "No sé què sent" (Níl a fhios agam cad a mhothaíonn sé) le Feliu Ventura, "Company Guillem" (Compánach Guillem) le Opció k-95, "11 d'abril" le Greska, "11 d'abril del 93" le Odi, "Soldats catalans" (Saighdiúirí Catalónacha) le Orgull Roig , "Sangre por sangre" (Fuil le haghaidh fola) le Non Servium.
Tá sráideanna agus cearnóga tiomnaithe do Guillem Agulló i gcathrach bardais, mar Burjassot, Simat, Quart de les Valls, Sallent, Cerdanyola del Vallès, Vic, Arbúcies, Molins de Rei.
Ar an 12 Aibreán 2016 thug an Pharlaimint Vaileinseach ómós do Guillem Agulló 23 bliain i ndiaidh a fheallmharú le fógairt institiúideach a shínigh gach páirtí sa pharlaimint. An iarraidh seo cruthaíodh duais Guillem Agulló chun cúitithe agus aitheantas “do dhaoine agus do thionscnaimh eisceachtúla sa troid in aghaidh na seineafóibe, an chiníochais agus na coireachta fuatha”[14].
Ar an 23 Eanáir 2019, cheadaigh Seanad na Spáinne cruthú ciste Guillem Agulló, ciste eacnamaíoch stáit chun íospartaigh as coireachta fuatha do theaghlaigh[15].
Ar an 28 Samhain, 2019, cuireadh "La lluita continua" (Leanann an troid ar aghaidh), atá ina thionscadal uaillmhianach i gcuimhne Guillem Agulló, le húrscéal le Núria Cadenes, scannán le Carlos Marqués-Marcet, ceolchoirmeacha, comhdhálacha agus leathanach gréasáin ionas nach ndearmadfar é mar shiombail frithfhaisisteacha[16].
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://elperiodico.com/es/politica/20180411/guillem-agullo-25-anos-del-asesinato-nazi-que-marco-una-epoca-6750521
- ↑ Martí, Genar; "Un neonazi d'Alacant es confessa autor de la mort d'un jove antiracista", 15/04/1993, Diari Avui
- ↑ https://elpais.com/politica/2013/04/04/actualidad/1365104333_432439.html
- ↑ https://www.llibertat.cat/2013/03/20-anys-de-l-assassinat-de-guillem-agullo-21229
- ↑ https://www.vilaweb.cat/noticies/la-impunitat-de-lassassi-de-guillem-agullo/
- ↑ Enguix, Salvador; "El tribunal considera que Agulló murió en una reyerta y no en una represalia fascista", 21/05/1996, La Vanguardia
- ↑ https://www.naciodigital.cat/noticia/152425/quan/vam/perdre/innocencia
- ↑ https://www.eltemps.cat/article/6856/la-trama-feixista-que-no-fou-investigada-al-judici-de-guillem-agullo
- ↑ https://www.vilaweb.cat/noticies/la-impunitat-de-lassassi-de-guillem-agullo/
- ↑ https://www.levante-emv.com/sucesos/2017/04/07/neonazi-absuelto-juicio-operacion-panzer/1551894.html
- ↑ https://elpais.com/politica/2017/04/05/actualidad/1491417415_690002.html
- ↑ https://www.elpuntavui.cat/politica/article/17-politica/237921--lassassi-de-guillem-agullo-es-presenta-a-les-eleccions-.html
- ↑ https://resultados.elpais.com/elecciones/2007/municipales/17/46/111.html
- ↑ https://www.vilaweb.cat/noticies/homenatge-historic-de-les-corts-valencianes-a-guillem-agullo-vint-i-tres-anys-despres
- ↑ https://www.levante-emv.com/comunitat-valenciana/2019/01/23/senado-insta-gobierno-crear-fondo/1825222.html
- ↑ https://www.vilaweb.cat/noticies/lluita-continua-guillem-agullo-llibre-pellicula/