Jump to content

Loscadh Chorcaí (1920)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dó Chorcaí)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLoscadh Chorcaí
Cineálcoirloscadh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadh na Saoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse11 - 12 Nollaig 1920
SuíomhCorcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna3 Cuir in eagar ar Wikidata


Sráid Phádraig, Cathair Chorcaí

Ionsaí de chuid an IRA i gcathair Chorcaí a spreag an t-ionsaí díoltais is míchlúití ar fad a rinne fórsaí na Corónach le linn Chogadh na Saoirse, éiric a dtugann an pobal cois LaoiDó Chorcaí’ air le teann cuibhiúlachta.[1]  Oíche an 11/12 Nollaig 1920, rinne Póilíní Cúnta an RIC scrios sa gcathair.

Shráid Phádraig, Cathair Chorcaí  timpeall 1900

Ag tús na 20ú haoise, bhí an leasainm "Loyal Cork" ar Chorcaigh de bharr dea-chaidrimh idir an Chontae agus an Bhreatain. Ach ní raibh gach éinne sásta. Tar éis Éirí Amach 1916, tháinig athrú mór ar an scéal. agus faoi thús 1920, bhí ollbhua ag Sinn Féin sa toghchán áitiúil, agus iad anois i gceannas ar Bhardas Chorcaí. Den chéad air, bhí brat na Poblachta in airde ar Halla na Cathrach, agus toghadh an Poblachtánach, Tomás Mac Curtáin mar Ardmhéara. Thosaigh foréigean idir Óglaigh na hÉireann agus na Dúchrónaigh (ceaptha mar phóilíní, ní raibh meas madra acu ar na hÉireannaigh). Mharaigh fórsaí na Corónach Tomás Mac Curtáin ar 20 Márta 1920 ina theach féin.

Leis an gcathair faoi scáth bhróin, ghlac Traolach Mac Suibhne cúram an Ardmhéara chuige féin, agus ceannasaíocht na nÓglach.

Dúchrónaigh i mBÁC, 21 Aibreán 1921

Chun deireadh a chur leis an bhfeachtas Poblachtánach, ghabh fórsaí na Breatnach Traolach Mac Suibhne ar chúis bhréige. Cuireadh é faoi ghlas ar an 12 Lúnasa, 1920. Fuair sé bás i bPríosún Brixton, tar éis dó a bheith ar stailc ocrais ar feadh 74 lá. Tháinig clú air ar fud an domhain dá bharr.

Ag tús na Samhna, le tromchroí, thóg Domhnaill Ó Ceallacháin cathaoir an Ardmhéara. Bhí an-teannas sa chathair. Bhí an bua ag na hÓglaigh i luíochán Chill Mhichíl agus bhí díoltas ó fhórsaí na Breataine.

Ar 10 Nollaig 1920, cuireadh dlí airm i bhfeidhm i gCorcaigh.

Luíochán Chrois an Diolúnaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 11 Samhain, rugadh ar na Auxiliaries i Luíochán ag Crois an Diolúnaigh. Rinne seisear óglach ó Chomplacht E. den 1ú Cathlán luíochán ar bhuíon de na Póilíní Cúnta, a bhí ag taisteal ar Sheanbhóthar Eochaille, ó Bheairic Victoria go Cathair Chorcaí.[2] Maraíodh duine amháin de dhíorma na bPóilíní Cúnta, agus gortaíodh 12. Bhí fórsaí na Breataine ar mire agus thosaíodar ag lasadh tithe ag Crois an Diolúnaigh.

Thugadar aghaidh ar an gcathair chun leanúint leis an léirscrios. Fuair an bhriogáid dóiteáin go raibh Crois an Diolúnaigh trí thine, agus ar an slí chuige, thugadar faoi deara go raibh Grant's ar Shráid Phádraig faoi thine chomh maith. Stop an bhriogáid agus d'iarr siad ar na fórsaí sa bheairic míleata foireann a chur chuig Crois an Diolúnaigh. Thug siad neamhaird ar an iarratas.

Thosaigh buíonta de na Póilíní Cúnta agus na Dúchrónaigh, chomh maith le baill de CRÉ, ag creachadh is ag dó ceantar mór de Chathair Chorcaí. Fad is a bhí na fir dóiteáin ag cur amach Grants, thug siad faoi ndeara go raibh na póilíní ag lasadh Cash's agus an Munster Arcade. Bhí an chathair ina rírá ceart. Chuir fórsaí na Corónach isteach go mór ar iarrachtaí na tinte a mhúchadh. Gearradh píobáin agus foinsí uisce. Scaoil siad piléir leo sin a bhí ag cabhrú.

Ag meán-oíche, bhí formhór Shráid Phádraig faoi thine. Rinneadh fothracha de roinnt foirgneamh, Malartán Arbhair ina measc. Dódh é go talamh.. Scriosadh Halla na Cathrach agus Leabharlann Carnegie, chomh maith le breis is caoga áitreabh gnó, le linn eachtra a dtugtar “Dó Chorcaí” uirthi sa lá atá inniu ann. Dódh na scórtha tithe cónaithe freisin.

San aon oíche amháin sin, fágadh breis is 2000 duine gan obair ná teacht isteach.  

Faoi iarratas an Ardmhéara Domhnaill Ó Ceallacháin, tháinig briogáid dóiteáin Bhaile Átha Cliath anuas ar thraein chun cabhrú leo. Faoi stiúir an chaptaein Myers, dúirt siad go raibh níos mó dochar déanta i gCorcaigh an oíche sin ná go raibh déanta i mBÁC in 1916. Dódh cúig acra den chathair an oíche sin.

Déantar díobháil sa chathair dar luach £2 ½ milliún

Seoladh inneal doiteáin "Leyland" i mBÁC chuig cathair Chorcaí

Mharaigh fórsaí na Corónach cúigear sibhialtach agus beirt Óglaigh. Chuaigh buíon Dúchrónach isteach i dteach mhuintir Uí Dhubhshláine - teaghlach a raibh clú is cáil orthu - ar Chnoc Bhaile Átha Cliath - cúpla uair i ndiaidh Luíochán Chrois an Diolúnaigh. Scaoileadh Con Ó Dubhshláine, an Céadleifteanant de Chomplacht F den 1ú Cathlán, agus Diarmuid Ó Dubhshláine, an Dara Leifteanant de Chomplacht F den 1ú Cathlán. Fuair Diarmuid Ó Dubhshláine bás ar an toirt, agus fuair Con Ó Dubhshláine bás de bharr a chuid gortuithe ar an 18 Nollaig 1920.[3][4] Bhí Liam ó Duinnshléibhe, arbh uncail de chuid Dheartháireacha Uí Dhubhshláine, ina chodladh sa teach ar oíche an 11 agus an 12 Nollaig 1920, agus gortaíodh eisean chomh maith le linn an ionsaithe.

Scriosadh Halla na Cathrach

D’ainneoin gur shéan an Rialtas go raibh aon bhaint ag a bhfórsaí féin leis an dóiteán, bhí sé ina scéal mór ar fud na cruinne agus tharraing sé an-mhíchlú ar na Dúchrónaigh. Dá bharr, seoladh feachtas in Éirinn agus i Meiriceá le ciste cabhrach a bhunú le cuidiú le muintir Chorcaí agus tháinig go leor airgid ó gach cearn den tír.

Mí na Nollag 1920 agus mí Eanáir 1921, d’ardaigh an grúpa forásach ‘The American Commission on Conditions in Ireland’ ionsaí Chorcaí ag éisteachtaí poiblí in Washington DC, cainteanna a foilsíodh níos déanaí i leabhar.[1]

Labhair 18 finné os comhair an Choimisiúin sin agus ba as Cathair Chorcaí seisear acu agus beirt a bhí ann ón gcuid eile den tír seo. Labhair Mary MacSwiney ag an héisteachtaí sin agus tháinig sí i dtír ar an ócáid le tabhairt faoi chamchuairt náisiúnta cainteanna ar fud na Stát Aontaithe.[1]

Bhí clú is cáil ar Mary MacSwiney de bharr a ceangal le Corcaigh agus a feachtas le linn stailc ocrais a dearthár. Thaistil sí go 58 cathair i Meiriceá agus labhair sí ag breis is 300 cruinniú, agus is mór a chuaigh sí i gcion ar gach duine a chuala a raibh le rá aici.

Is éard a bhí sa bhfeachtas ar son na saoirse in Éirinn ná cogadh ar mhaithe le toil dhaonlathach mhuintir na hÉireann a chosaint ó ionsaí na Breataine an insint uileghabhálach a bhí ag Mary MacSwiney agus lucht bolscaireachta eile na gluaiseachta poblachtánaí ar an troid sa tír seo. Ar bhealach an-éifeachtach, nocht na poblachtánaithe don saol mór go raibh Rialtas na Breataine ag ionsaí sibhialtach in Éirinn, d’ainneoin na mbréaga a bhí á n-insint gan náire acu dá gcuid saoránach féin.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Físeán, an Staraí Niall Murray le scéal Dó Chorcaí agus an comóradh sa mheánscoil An Mhainistir Thuaidh.[5]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 John Borgonovo (27 Samhain 2020). "ÉIRE 1920 – Corcaigh i gcroílár an chomhraic" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  2. corkcity.ie (2016). "Commemorating Cork's City Patriots". Dáta rochtana: 2020.
  3. Donal Fallon. "The burning of Cork: Donal Fallon remembers a night of chaos and terror in 1920" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  4. Cuireadh Diarmuid agus Con Ó Dubhshláine in áit uaighe na bpoblachtach i Reilig Fhionnbharra, Corcaigh. Tá Cros Cheilteach suite os comhair theach mhuintir Uí Dhubhshláine anois ar Chnoc Bhaile Átha Cliath, Corcaigh
  5. North Monastery Secondary School. "Scéal an Dó" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2020-12-12.