Díshealbhú Dhoire Bheatha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDíshealbhú Dhoire Bheatha
Cineáldíshealbhú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1861 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

I Mí Aibreáin 1861, cuireadh tús le Díshealbhú Dhoire Bheatha i gContae Dhún na nGall. Is é an tiarna talún, John George "Black" Adair a thug fúthu. Bunaíodh Eastát Ghleann Bheatha sa bhliain 1857 nuair a cheannaigh Adair píosaí talún sa cheantar. Rinneadh 244 tionónta a dhíshealbhú le linn an Díshealbhaithe agus baineadh leas an as eastát le bheith ag seilg carrianna agus éanlaith agus ag iascach breac agus bradán.

Imeachtaí an Díshealbhaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhailigh Adair fórsa mór de bhreis is 200 saighdiúirí, foireann de 10 darbh ainm an "Crowbar Brigade' ó Chontae Thír Eoghain a d'fhostaigh sé chun na tithe a leagan, agus fórsa póilíneachta mór ó Ros Comáin agus Liatroim. Díshealbhaíodh 47 dteaghlach as a dtithe agus fágadh iad ag fánaíocht ar na bóithre ag lorg foscadh pé áit a bhféadfaí é a fháil. As na 244 dhuine a díshealbhaíodh, ba leanaí 159 acu agus urghabhadh 11,602 acra talún. Ar an Aoine i ndiaidh na ndíshealbhuithe chuir 43 ceannaire de na teaghlaigh a díbríodh isteach ar chead isteach i dTeach na mBocht Leitir Ceanainn.

Ba é an chéad teaghlach a díshealbhaíodh ná teaghlach Mrs McAlward. Bhí cuntas finné súl i nuachtán comhaimseartha i nDoire.

"The family of the Widow Mc Award was the first to face the terror of the Crowbar Brigade. The Sheriff, accompanied by Adair’s new Estate Manager, approached the house where the poor Sixty Year old woman lived with her six daughters and one son and ‘Long before the house was reached, loud cries were heard, piercing the air and soon the figures of the poor widow and her daughters were observed outside the house where they gave vent to their grief in strains of touching agony. Forced to discharge an unpleasant duty, the sheriff entered the house and delivered up possession to Mr. Adair’s steward, whereupon a Crowbar Brigade of six men who had been brought from distance immediately fell to with right good will to level the house to the ground. The scene became indescribable. The bereaved widow and her daughters were frantic with despair and throwing themselves on the ground, they became almost insensible, and bursting out in the old Irish wail - then heard by many for the first time - their terrifying cries resounded along the mountains for many miles. They had been deprived of their only shelter - the little spot made dear to them by association of the past - and with bleak poverty before them and with only the blue sky to shelter them, naturally they lost all hope and those who witnessed their agony will never forget the sight. Every heart was touched, and tears of sympathy flowed from many… the sobs of helpless children took hold of every heart."

Nuair a bhí obair Adair críochnaithe leath brat ciúin an bháis anuas ar fud an ghleanna ar fad. Bhí cuid de na díshealbhaithe ag lorg tearmainn lena dteaghlaigh, agus chríochnaigh cuid eile i dteach na mbocht. Ní bhfuair aon duine a gcuid feirmeacha ar ais agus chuaigh a bhformhór ar imirce go Meiriceá nó go dtí an Astráil ar deireadh thiar, agus tugadh Diaspóra Dhoire Bheatha orthu. Fiú de réir caighdeáin an lae sin ba ghníomh uafásach é. Reáchtáladh imscrúdú oifigiúil agus ardaíodh an cheist i bParlaimint na Breataine ach níor glacadh aon ghníomh i gcoinne Adair. D'fhan sé sa cheantar agus fuair sé bás sa bhliain 1885. Is minic a dúradh gurbh é an chúis a bhí leis an díshealbhú ná gur bhraith Adair gur scrios na tithe beaga bochta an radharc a bhí aige óna theach cónaithe nó gur minic a chuir na háitritheoirí isteach ar a chumas seilg a dhéanamh.

Chuir a bhaintreach carraig mhór á greanadh leis na focail Brave, Just and Generous ina onóir. Tá finscéal áitiúil ann gur bhuail tintreach an charraig ina dhiaidh sin, agus gur briseadh ina smidiríní í.

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtrachta[cuir in eagar | athraigh foinse]