Dáthabha
Cuma
(Athsheolta ó Dáthabha dubh)
Aconitum | |
---|---|
Aconitum variegatum | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | acainítín |
Planda | |
Dath na mbláthanna | corcra agus gorm |
Cineál an toraidh | falacail |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Ranunculaceae |
Fofhine | Ranunculoideae |
Géineas | Aconitum L., 1753 |
Planda is ea dáthabha (nó dáthabha dubh) sa ghéineas Aconitum.[1] Ilbhliantóg le fréamhacha tiúbracha leathdhubha, dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise. Bíonn na duilleoga fíor-roinnte, na bláthanna liathchorcra, le clogad i bhfoirm cochaill. Tugtar acainít ar an eastóscán a fhaightear ó dháthabha.[2] Úsáidtear í mar thámhshuanach is pianmhúchán, ach tá sí an-nimhiúil mar go bhfuil alcalóidigh inti, ina measc acainítin.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Aconitum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-28.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “aconite — Aistriúchán Gaeilge ar aconite (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-05-28.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Acainít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 8.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |