Círéibeacha sa Ríocht Aontaithe 2024
| ||||
Cineál | círéib ethnic riot (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Géarchéim imirceach na hEorpa | |||
Tréimhse | 30 Iúil - 10 Lúnasa 2024 | |||
Dáta na bliana | 2024 (samhradh) | |||
Suíomh | Southport, England Hartlepool, England Londain, England Aldershot, England Manchain, England Sunderland, England Learpholl, England Leeds, England Nottingham, England Stoke-on-Trent, England Kingston upon Hull Béal Feirste, Northern Ireland Rotherham, England Bolton, England Middlesbrough, England Weymouth, England Tamworth, England Plymouth, England | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Rannpháirtí | ||||
Cúis | ionsaí scine Stockport, 2024 mífhaisnéis disinformation attack (en) | |||
Líon gortaithe | 130 | |||
Líon na ngabhálacha | ||||
Meán cumarsáide | ||||
Tharla círéibeacha sa Ríocht Aontaithe le linn Iúil - Lúnasa 2024. D'eascair an mí-ord as marú triúr chailíní óga i mbaile Southport in aice le Learpholl. Ar an 29 Iúil 2024, tharla ionsaí scine inar maraíodh an triúr agus inar gortaíodh deichniúr eile. Cuireadh tús le hagóidí agus círéibeacha frith-inimirce timpeall na tíre sna laethanta ina dhiaidh sin. Scaipeadh go leor frithfhaisnéise faoin gcás agus maíodh gur Mhoslamach a rinne an marú, rud nach raibh fíor.
Marú thriúr chailíní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na páistí i Southport ag glacadh páirt i rang damhsa "Taylor Swift" nuair a ionsaíodh iad go gairid roimh an meán lae. Maraíodh Bebe King, sé bliana, Elsie Dot Stancombe, seacht mbliana, agus Alice Dasilva Aguiar, a bhí naoi mbliana. As an deichniúr a gortaíodh, bhí cúigear páistí agus beirt daoine fásta a fágadh go han-dona tinn. Gortaíodh na daoine fásta agus iad ag iarraidh na leanaí a chosaint.[1]
Tugadh ógánach seacht mbliana déag, Axel Muganwa Rudakubana, os comhair cúirte i Learpholl ar an 1 Lúnasa agus é cúisithe i dtriúr cailíní óga a dhúnmharú. In Caerdydd sa Bhreatain Bheag a rugadh é agus bhí sé ina chónaí i sráidbhaile Banks ó thuaidh ó Southport.[2]
De bhunadh Ruanda ba ea tuismitheoirí Rudakubana. Tharla círéibeacha frith-inimirce timpeall na tíre sna laethanta i ndiaidh na maruithe, i mBéal Feirste chomh maith.[3]
Círéibeacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla círéibeacha frith-inimirce timpeall na tíre sna laethanta dár gcionn, i mBéal Feirste chomh maith.
Ar an 4 Lúnasa i mBéal Feirste, ionsaíodh gnólachtaí beaga ‘eitneacha’ chomh maith le hóstáin ar dúradh, in earráid, go raibh inimircigh ina gcónaí iontu.
Ar an 6 Lúnasa, gortaíodh fear gorm sna caogaidí go dona nuair a ionsaíodh é le linn círéibeacha i gceantar Bhóthar Dhún na nGall i ndeisceart Bhéal Feirste. Leagadh an fear go talamh agus tugadh buillí coise dó agus é sínte. Ionsaí ciníoch a bhí ann.[4] Rinneadh iarracht freisin siopa le fear de bhunadh na Siria a chur trí thine i gceantar Sandy Row. D'ionsaigh slua na póilíní nuair a tháinig siad ar an láthair. Bhí buamaí peitril i measc an ábhair a caitheadh leis na póilíní (lasadh an siopa céanna le linn círéibeacha a tharla sa chathair ar an 4 Lúnasa).
Antoiscigh ón eite dheis, agus dílseoirí ar a gceann, a bhí freagrach as an mí-ord.[5] Tháinig agóideoirí eile as Baile Átha Cliath agus as Sasana chun páirt a ghlacadh sna hagóidí. Bhí daoine as BÁC ann le bratach ‘Coolock Says No’[6] ag léirsiú in éineacht le dílseoirí i mBéal Feirste. Cancar seanbhunaithe i dTuaisceart Éireann is ea fuath don eile. Bhí gort méith le forbairt acu siúd ar mian leo a theacht i dtír ar dheartháir an tseicteachais – an ciníochas. Is minic le linn na 2000-2010idí a rinneadh ionsaithe agus imeaglú ar inimircigh i gceantair dhílseacha, a bparaimíleataigh ag suirí le leithéidí an National Front ó am go chéile.[3]
Shílfeá ón gcaint ag lucht agóide go raibh na mílte míle inimirceach ‘mídhleathach’ i dTuaisceart Éireann. Níl, ach maíonn roinnt daoine go bhfuil agus an buiséad poiblí á ídiú acu nó orthu. Is fíor go bhfuil údar imní ag daoine faoi bhrú ar sheirbhísí agus faoi easpa acmhainní nuair a théann an daonra in aois (nó nuair a dhéantar méadú mór ar an daonra i gceantair áirithe). Ach oiread leis an deisceart tá ganntanas tithíochta abhus. Ní hiad teifigh ná inimircigh a chruthaigh an fhadhb sin. Níor tógadh tithe.[3]
Ón 7 Lúnasa, bhí slógaí frithchiníochais i bhfad níos mó ná na taispeántóirí i bhfad ar dheis.[7]
Sasana
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Sasana ar an 6 Lúnasa, ionsaíodh póilíní agus gortaíodh roinnt acu i gcathair Plymouth in iardheisceart Shasana.[8]
Níl baint dá laghad ag an gcineál sin iompair le himní faoi conas a láimhseálann na húdaráis inimirce. Ciníochas is ea é, fuath do dhaoine le cneas neamhgheal, Moslamaigh go speisialta. Bhí an ‘narrative of hate’, mar a thug easpag Anglacánach Learphoill air, á scaipeadh go rí-éifeachtach beag beann ar an bhfírinne.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-30). "Ógánach fós á cheistiú faoi leanaí a mharú, a ghortú in Southport" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-08-01). "Ógánach os comhair cúirte faoi leanaí a dhúnmharú" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Póilín Ní Chiaráin (7 Lúnasa 2024). "Ná ligimis d’aon dream normalú a dhéanamh ar an bhfuath" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-07.
- ↑ "Belfast: Man's head 'stamped on' during racist attack" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-08-07.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-08-06). "Fear gortaithe go dona le linn círéibeacha i mBéal Feirste" (as ga-IE).
- ↑ Bhí daoine sa Chúlóg ag agóidíocht i rith mí Iúil 2024
- ↑ "Anti-racism protests sweep Britain after far-right riots" (en-GB). www.reuters.com. Dáta rochtana: 2024-08-07.
- ↑ "Belfast: Man's head 'stamped on' during racist attack" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-08-07.